Dainéil 12:1-13

12  “San aimsir sin éireoidh Mícheál, an prionsa mór, atá i bhfeighil do mhuintire. Beidh sí ina haimsir bhuartha nach raibh a leithéid ann ó bhí cine ann i dtosach go dtí sin. Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir, gach n-aon a bhfaighfear a ainm scríofa sa leabhar.  Dúiseoidh mórán dá gcodlaíonn i smúit na talún, cuid díobh chun na beatha síoraí, cuid eile chun táire agus tarcaisne síoraí.  Dealróidh na saoithe mar loinnir na spéire, agus iad siúd a theagasc an fhíréantacht do mhórán mar reanna neimhe ar feadh na síoraíochta.  “Ach tusa, a Dhainéil, iaigh na briathra agus cuir séala ar an leabhar go huain na críche. Rithfidh mórán anseo agus ansiúd, agus méadóidh ar an eolas.”  Ansin d’fhéach mise, Dainéil, agus féach beirt eile ina seasamh, duine ar an mbruach seo agus duine ar an mbruach thall den abhainn.  Dúirt [duine díobh] leis an bhfear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha: “An fada go críoch na n-iontas seo?”  An fear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha, d’ardaigh sé a lámh dheas agus a lámh chlé chun neimhe agus mhionnaigh sé dar an té a mhaireann de shíor: “Go ceann ré, dhá ré agus leathré, agus comhlíonfar na nithe seo uile nuair a bheidh deireadh le smiotadh chumhacht na naomh.”  Chuala mé, ach níor thuig mé. Ansin dúirt mé: “A thiarna liom, cad é an chríoch a bheidh leo siúd?”  Dúirt sé: “Imigh leat, a Dhainéil, mar tá na briathra iata séalaithe go huain na críche. 10  Déanfaidh a lán iad féin a ghlanadh, a scagadh, agus a ghealadh; ach déanfaidh na drochdhaoine an urchóid; ní thuigfidh na drochdhaoine; tuigfidh na saoithe. 11  Agus ón uair a thógfar an uileloscadh buan chun siúil agus a chuirfear suas gráiniúlacht an léirscriosta, míle dhá chéad is a nócha lá. 12  Is beannaithe an té a mhairfidh agus a thiocfaidh chun an mhíle trí chéad tríocha is a cúig lá. 13  Ach imighse leat (go dtaga an chríoch); tóg do shuaimhneas, agus éireoidh tú chun an ionaid atá beartaithe duit i gcríoch na laethanta.”

Fonótaí