Dainéil 3:1-30
3 Rinne an rí Nabúcadnazar íomhá óir trí fichid banlámh ar airde agus sé bhanlámh ar leithead. Chuir sé ina seasamh í i má Dhúrá i gcúige na Bablóine.
2 Ansin ghairm Nabúcadnazar na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistisí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí chun teacht chun coisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar rí.
3 Ansin bhí na satraip, na huachtaráin, na rialtoirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistisí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí cruinnithe le chéile do choisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar agus iad ina seasamh os comhair na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar.
4 D’fhógair an callaire os ard: “A dhaoine de gach cine, náisiún, agus teanga, seo daoibh an t-ordú atá tugtha:
5 cibé uair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála agus gach sort uirlise ceoil, sibh a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir atá curtha suas ag Nabúcadnazar rí.
6 Ach má bhíonn aon duine nach dtitfidh síos agus adhradh a thabhairt, caithfear eisean láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.”
7 Uime sin a luaithe a chuala na daoine glór na hadhairce, an píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sort uirlise ceoil, rinne siad uile, idir chiníocha náisiúin, agus theangacha, iad féin a chaitheamh síos agus adhradh a thabhairt don íomhá óir a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar.
8 Ansin tháinig Caildéigh áirithe chun tosaigh agus rinne siad gearán go mailíseach in aghaidh na nGiúdach.
9 Dúirt siad leis an rí Nabúcadnazar: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol!
10 Thug tú ordú, a rí, gach aon duine a chloisfeadh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir;
11 dá mbeadh aon duine nach dtitfeadh chun talún agus nach n-adhrfadh, é a chaitheamh isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.
12 Tá Giúdaigh áirithe a chuir tú i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó; rinne na daoine seo beag de d’orduithe, a rí; ní fhónann siad do do dhéithe ná ní adhrann siad an íomhá órga atá curtha in airde agat.”
13 Ansin d’aithin Nabúcadnazar agus cuthach feirge air, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a bhreith chuige. Ansin thug siad iad seo i láthair an rí.
14 Dúirt Nabúcadnazar leo: “An fíor, a Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, nach bhfónann sibh do mo dhéithe agus nach n-adhrann sibh an íomhá óir atá curtha in airde agam?
15 Nuair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, an bhfuil sibh ullamh sibh féin a chaitheamh chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá atá déanta agam? Mura ndéanann sibh í a adhradh, caithfear sibh láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair, agus cé hé an dia a fhuasclóidh sibh ó mo láimhse?”
16 D’fhreagair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó an rí Nabúcadnazar: “Ní gá dúinn,” arsa siad, “freagra a thabhairt ort sa ghnó seo.
17 Is féidir sa chás sin lenár nDia, dá bhfónaimid, sinn a shaoradh ón bhfoirnéis ag spréacharnach le lasair agus ó do láimhse, a rí; agus déanfaidh sé sinn a shaoradh.
18 Mura ndéana sé amhlaidh, bíodh a fhios agat, a rí, nach bhfónfaimid do do dhia ná nach n-adhrfaimid an íomhá atá curtha in airde agat.”
19 Ansin líon Nabúcadnazar le fearg, agus chlaochlaigh dealramh a ghnúise i leith Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó. D’aithin sé an fhoirnéis a théamh níos teo faoi sheacht ná mar ba ghnáth
20 agus d’ordaigh sé do thréanfhir áirithe dá shluaite Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a cheangal agus a theilgean isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
21 Ansin ceanglaíodh iad agus idir mhatail agus chótaí, idir hataí agus éidí eile á gcaitheamh acu, agus teilgeadh iad isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
22 Ba theann é ordú an rí agus ba the í an tine, agus dá bharr sin loisc lasair na tine ina mbeatha na fir a d’iompair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó.
23 Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
24 [3:91] Ansin tháinig líonrith ar an rí Nabúcadnazar agus d’éirigh sé faoi dheifir. Chuir sé ceist ar a chomhairleoirí: “Nach triúr fear i gcuibhreacha a chaitheamar isteach sa tine?” D’fhreagair siadsan an rí: “Sea go deimhin, a rí.”
25 [3:92] Dúirt seisean: “Feicim, áfach, ceathrar fear gan chuibhreacha ag siúl timpeall i lár na tine gan dochar déanta dóibh, agus is cosúil le mac de chuid na ndéithe an ceathrú duine ar a dhealramh.”
26 [3:93] Ansin dhruid Nabúcadnazar le béal na foirnéise ag spréacharnach le lasair agus dúirt: “A Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, a fhónann don Dia ró-ard, tagaigí amach, agus tagaigí anseo.” Ansin tháinig Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó amach as lár na tine.
27 [3:94] Chruinnigh na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí le chéile agus chonaic siad nach raibh cumhacht ar bith ag an tine ar chorp na bhfear úd agus nár loisceadh folt a gcinn, nár milleadh a n-éadaí, agus nár bhain boladh na tine leo.
28 [3:95] Labhair Nabúcadnazar agus dúirt go hard: “Moladh le Dia Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a chuir uaidh a aingeal, agus a d’fhuascail a shearbhóntaí a chuir a muinín ann; níor ghéill siad d’ordú an rí ach a gcorp a thabhairt suas níos túisce ná fónamh do dhia ar bith ach a nDia féin, ná é a adhradh.
29 [3:96] Uime sin tugaim ordú: ‘Aon phobal nó treibh nó teanga a labhróidh focal in aghaidh Dé Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a stolladh ina spólaí agus a dtithe a scartáil ó bhonn: mar níl aon dia eile a fhéadann fóirithint ar an gcuma seo.’”
30 [3:97] Ansin chuir an rí Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó chun cinn i gcúige na Bablóine.