Dainéil 4:1-37

4  [3:98] Nabúcadnazar, rí, do gach pobal, treibh agus teanga dá gcónaíonn ar talamh i ngach cearn: Síocháin libh ina tuile!  [3:99] Bheartaigh mé gur chóir na comharthaí agus na fearta a thug an tArd-Dia chun críche tríomsa a fhoilsiú.  [3:100] Nach mór iad a chomharthaí!Nach tréan iad a fhearta!Ríocht shíoraí a ríocht!Tá a fhlaitheas ó ghlúin go glúin!  [4:1] Bhí mise, Nabúcadnazar, go socair i mo theach agus faoi bhláth i mo phálás.  [4:2] Rinneadh taibhreamh dom a chuir scanradh orm: i mo luí dom ar mo leaba bhuair mo smaointe agus físeanna mo chinn mé.  [4:3] Uime sin thug mé ordú saoithe na Bablóine uile a thabhairt i mo láthair i dtreo go n-inseoidís ciall an taibhrimh dom.  [4:4] Ansin tháinig na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh agus na fáistinigh isteach agus d’inis mé an taibhreamh dóibh, ach ní fhéadfaidís a chiall a chur in iúl dom.  [4:5] Faoi dheireadh tháinig Dainéil isteach i mo láthair—é siúd ar ar tugadh Béiltiseazar de réir ainm mo dhé, agus ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé—agus d’inis mé an taibhreamh dó á rá:  [4:6] “A Bhéiltiseazar, a cheannaire na ndraoithe, mar gurb eol dom go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat agus nach cás duit aon rún: seo é an taibhreamh a rinneadh dom agus inis a chiall dom: 10  [4:7] Ba iad seo físeanna mo chinn ar mo luí dom ar mo leaba: Féach: cranni lár na talún;ba mhór a airde. 11  [4:8] D’fhás an crann agus neartaigh;ráinig a bharr chun neimhe,agus bhí radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne. 12  [4:9] B’álainn a dhuilliúr, ba líonmhar a thoradh.Ba ann a fuair cách cothú,Bhí sé ina scáth ag ainmhithe an mhachaire,agus lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga,agus cothaíodh an uile fheoil leis. 13  [4:10] Chonaic mé i bhfíseanna mo chinn ar mo leaba:Féach! fear faire fíréan a tháinig ó neamh anuas. 14  [4:11] D’fhógair sé in ard a chinn:‘Gearraigí anuas an crann, ciorraígí a ghéaga de,croithigí a dhuilliúr de, cuirigí scaipeadh ar a thoradh;teitheadh na hainmhithe óna scáth,agus an éanlaith óna ghéaga. 15  [4:12] Ach fágaigí an stocán leis na fréamhacha sa talamh,agus slabhra iarainn agus práis á cheangal,i bhféar mín an mhachaire.Fliuchtar é ó dhrúcht neimhe,agus gurb é féar na talún a chuid ronna i gcuibhreann na n-ainmhithe fiáine. 16  [4:13] Athraítear a chroí ó bheith ina chroí daonna;tugtar croí ainmhí dó,agus téadh seacht n-aimsir thairis. 17  [4:14] Sin breith na bhfear faireagus réiteach na ceiste i bhfocal na Naomh,d’fhonn is go mbeadh a fhios ag gach aon duine beogo bhfuil flaitheas ag an té is Airde ar ríocht na ndaoine;agus go dtugann sé í don té is mian leisagus go gcuireann sé an té is uirísle ar dhaoine os a cionn.’ 18  [4:15] “Sin é agaibh an taibhreamh a rinneadh domsa, Nabúcadnazar rí. Agus tusa, a Bhéiltiseazar, foilsigh a chiall mar nár fhéad aon duine de shaoithe mo ríochta a chiall a fhoilsiú dom; ach féadann tusa mar tá spiorad an Naomh-Dhé ionat.” 19  [4:16] Ansin bhí Dainéil—ar a dtugtaí Béiltiseazar—trí chéile scaitheamh agus ar mearbhall aigne. Labhair an rí agus dúirt: “Ná cuireadh an taibhreamh seo ná a chiall aon chaduaic ort, a Bhéiltiseazar.” D’fhreagair Béiltiseazar: “Go raibh an taibhreamh seo dóibh siúd a thugann fuath duit, agus a chiall do do naimhde. 20  [4:17] An crann sin a chonaic tú, mór agus láidir, agus a ráinig chun neimhe, agus a raibh radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne, 21  [4:18] arbh álainn a dhuilliúr agus arbh líonmhar a thoradh, a chothaigh cách, agus a thug scáth d’ainmhithe an mhachaire, agus ar lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga— 22  [4:19] sin é tusa, a rí, a d’fhás agus a neartaigh. Mhéadaigh ar d’ardréim agus ráinig chun neimhe, agus do fhlaitheas go ciumhaiseanna na cruinne. 23  [4:20] Agus maidir leis seo a chonaic an rí: fear faire, naomh, a tháinig anuas ó neamh agus a dúirt: ‘Gearraigí anuas an crann, milligí é, ach fágaigí an stocán agus na fréamhacha sa talamh, faoi shlabhraí iarainn agus práis, i bhféar mín an mhachaire, fliuchtar é ó dhrúcht neimhe agus bíodh a chuid aige i gcuibhreann an n-ainmhithe fiáine, go dté seacht n-aimsir thairis’— 24  [4:21] seo í an chiall, a rí, agus reacht an té is Airde atá tagtha i bhfeidhm ar mo thiarna, an rí: 25  [4:22] Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire,agus caithfidh tú féar a ithe dála an daimh;fliuchfar thú ó dhrúcht neimhe,agus rachaidh seacht n-aimsir tharat,chun go mbeidh a fhios agatgur ag an té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,agus go dtugann sé í don té is áil leis. 26  [4:23] “Agus an t-ordú seo: Fágaigí an stocán agus fréamhacha an chrainn, ciallaíonn sé go seasfaidh do ríocht duit nó go mbeidh a fhios agat gurb é Neamh a rialaíonn gach ní. 27  [4:24] Glac mo chomhairle dá bhrí sin, a rí: Ruaig uait do pheacaí leis an bhfíréantacht a chleachtadh agus d’urchóidí le déirc do bhochta d’fhonn go rachadh fad ar do shíocháin.” 28  [4:25] Tháinig sé sin go léir sa mhullach ar Nabúcadnazar. 29  [4:26] I gceann dhá mhí dhéag bhí sé ag spaisteoireacht ar dhíon pháláis ríoga sa Bhablóin. 30  [4:27] Agus dúirt an rí: “Nach í seo an Bhablóin mhór a thóg mé mar shuí ríogachta le neart mo chumhachta agus chun glóir mo mhórgachta?” 31  [4:28] Sula raibh na focail sin thar a bhéal aige thit guth ó na flaithis: Is leatsa a labhraíodh, a rí Nabúcadnazar!Tá an flaitheas imithe uait! 32  [4:29] Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire.Caithfidh tú féar a ithe dála an daimh,agus rachaidh seacht n-aimsir tharat,chun go mbeidh a fhios agatgur ag an Té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,agus go dtugann sé í don té is áil leis. 33  [4:30] Tháinig an briathar chun críche ar Nabúcadnazar gan mhoill. Díbríodh ó chomhluadar daoine é, agus chrom sé ar fhéar a ithe dála an daimh; fliuchadh é ó dhrúcht neimhe nó gur fhás a ghruaig mar chleiteach iolair, agus a ingne mar chrúba éin. 34  [4:31] I gcríoch na laethanta úd, thóg mise, Nabúcadnazar, mo shúile chun neimhe; d’fhill mo mheabhair orm agus bheannaigh mé an Té is Airde: Mhol mé agus ghlóirigh mé é siúd a mhaireann go brách.Flaitheas síoraí a fhlaitheas.Tá a thiarnas ó ghlúin go glúin. 35  [4:32] Sa mheá le náid a chuirtear áitritheoirí uile na cruinne;ar a thoil atá riaradh sluaite neimhe,agus áitritheoirí na cruinne.Ní fhéadann neach a lámh a choscná a rá leis: “Cad atá agat á dhéanamh? 36  [4:33] Láithreach bonn d’fhill mo mheabhair orm, agus, chun glóir mo ríogachta, d’fhill orm m’onóir agus mo dhealramh. Lorg mo chomhairleoirí agus mo mhaithe mé; daingníodh i mo ríocht mé agus mhéadaigh ar mo mhórgacht a thuilleadh fós. 37  [4:34] Anois, mise Nabúcadnazarmolaim, móraim agus glóirím Rí neimhe,mar is fíréan iad a oibreacha go léir,agus is cóir iad a shlite uile,agus is féidir leis lucht uaibhreach iompar a ísliú.

Fonótaí