Deotranaimí 14:1-29

14  “Sibhse clann an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí sibh féin a chiorrú ná bhur n-éadan a lomadh ar aon slí ar son an mhairbh.  Óir is pobal coisricthe don Tiarna do Dhia thú agus thogh an Tiarna thú le bheith i do phobal aige féin thar a bhfuil de phobail ar chlár na cruinne.  “Ná hith aon ní gráiniúil.  Seo iad na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe: an damh, an chaora, agus an gabhar;  an fia, an ghasail, an fia fionn, an t-ibeach, an t-antalóp, an damh allta agus an chaora faille.  Is ceadmhach daoibh aon ainmhí a scoilteann an chrúb go ladhrach agus a chognaíonn an chíor a ithe.  Díobh siúd áfach a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb go ladhrach, ní ceadmhach daoibh iad seo leanas a ithe: an camall, an míol maí, agus an coinín, mar, fág go gcognaíonn siad an chíor, ní scoilteann siad an chrúb; bídís neamhghlan agaibh.  Mar an gcéanna leis an muc—fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach.  Dá bhfuil beo san fharraige is ceadmhach daoibh iad seo a ithe: gach a bhfuil eití agus gainní acu, ithigí iad; 10  ach aon ní gan eití gan ghainní ní ceadmhach daoibh iad a ithe: bídís neamhghlan agaibh. 11  “Is ceadmhach daoibh gach éan glan a ithe, 12  ach seo iad na héin nach ceadmhach daoibh a ithe: an t-iolar, an bhadhbh, an coirneach, 13  an t-alpaire, gach sórt clamháin, 14  gach sórt féich, 15  an ostrais, an t-ulchabhán, an faoileán, gach sórt seabhaic, 16  an ceann cait, an t-ulchabhán mór, an chearc uisce, 17  an peileacán, an t-iolar bán, an fiach farraige, 18  an chorr agus gach sórt corr éisc, an pilibín agus gach sórt sciatháin leathair. 19  Gach míoltóg eiteallach, bídís neamhghlan agaibh; ná hithigí iad. 20  Is ceadmhach daoibh gach eiteallach glan a ithe. 21  “Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar. 22  “Gach bliain ní foláir duit deachú de thoradh do shíl sa talamh a bhreith leat, 23  agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú d’arbhair, do fhíona, d’ola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada d’fhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor. 24  Má bhíonn an t-aistear rófhada duit, agus mura féidir duit—nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú—do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile, 25  ansin malartaigh an deachú ar airgead, agus beir greim docht i do láimh ar an airgead agus téigh chun na háite a thogh an Tiarna do Dhia; 26  caith an t-airgead ar do rogha rud ansiúd—daimh, nó caoirigh, nó fíon nó deoch chrua, nó cibé ní is mian leat; ith ansiúd i láthair an Tiarna do Dhia, agus bíodh lúcháir ort féin agus ar do theaghlach. 27  Ná déan faillí ar an Léivíteach a bhfuil cónaí air i do bhailte, óir níl cuid ná oidhreacht aige leat. 28  “Ag deireadh gach tríú bliain, tóg deachúna uile d’fhómhair don bhliain sin agus cuir i dtaisce i do bhailte. 29  Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.

Fonótaí