Deotranaimí 18:1-22

18  “Ní bheidh aon chuid ná oidhreacht le hIosrael ag na sagairt Léivíteacha, treibh Léiví, is é sin. Mairfidh siad ar na hofrálacha bia don Tiarna agus ar na nithe is dual dó.  Ní bheidh aon oidhreacht acu lena mbráithre; is é an Tiarna a n-oidhreacht, faoi mar a gheall sé dóibh.  An méid seo leanas is dual do na sagairt ón muintir a ofrálann damh nó caora mar íobairt: an ghualainn, an dá phluc, agus an goile;  ní foláir duit mar an gcéanna céadtorthaí d’arbhair, do fhíona agus d’ola, agus céadlomra do chaorach a thabhairt dó.  Óir thogh an Tiarna do Dhia é as do threibheanna go léir le seasamh i láthair an Tiarna do Dhia, chun cúraimí na seirbhíse diaga a dhéanamh, chun ainm an Tiarna a bheannú—sea eisean agus a chlann mhac ina dhiaidh go brách.  “Má thagann Léivíteach as aon cheann de do bhailte in Iosrael go léir mar a bhfuil cónaí air—agus ní cás dó teacht nuair is maith leis—chun na háite a thoghfaidh an Tiarna,  ní miste dó freastal ansiúd in ainm an Tiarna a Dhia, dála a chomh-Léivíteach a bhíonn ina seasamh ansiúd ag freastal i láthair an Tiarna.  Bíodh cuid chothrom leo aige le hithe, seachas a bhfaigheann sé de bharr a oidhreachta a dhíol.  “Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, ná téigh i dtaithí chleachtaí uafara na gciníocha úd. 10  Ná faightear choíche in bhur measc aon duine a sheolann a mhac nó a iníon tríd an tine, ná aon duine a chleachtann fáistine, ná astralaí, ná ágar, ná draíodóir, 11  ná orthaíoch, ná fear spioraid nó púcaí nó mairbh a agallamh. 12  Cibé a dhéanann na nithe sin, is gráin leis an Tiarna é, agus is de bharr na nósanna gráiniúla seo atá an Tiarna do Dhia ag tiomáint na gciníocha seo amach romhat. 13  Bíse dílis ar fad don Tiarna do Dhia. 14  Óir na ciníocha seo a bhfuil tú ar tí seilbh a fháil ar a gcríocha, tugann siad aird ar asarlaígh agus lucht fáistineoireachta; ach maidir leatsa, níor cheadaigh an Tiarna do Dhia duitse a leithéid sin a dhéanamh. 15  Ardóidh an Tiarna do Dhia suas fáidh mar mise duit ó do lár, ó do bhráithre; tugaigí aird airsean. 16  Sin é a d’iarr tú féin ar an Tiarna do Dhia ag Horaeb, lá an Tionóil. ‘Ná lig dom guth an Tiarna mo Dhia a chlos arís,’ arsa tú, ‘ná an tine mhór seo a fheiceáil a thuilleadh, le heagla go bhfaighinn bás.’ 17  Dúirt an Tiarna liom: ‘Is maith mar a dúradar a bhfuil ráite acu. 18  Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n-ordaím dó. 19  An té nach dtabharfaidh aird ar na briathra a labhróidh sé i m’ainm, éileoidh mé díoltas air. 20  Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m’ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’ 21  Agus má deir tú i do chroí: ‘Conas a aithneoimid an briathar nár labhair an Tiarna?’— 22  nuair a labhraíonn fáidh in ainm an Tiarna, mura dtagann an rud i gcrích ná chun cinn, ansin ní briathar é a labhair an Tiarna; labhair an fáidh é sin le barr dánaíochta, ní gá duit eagla a bheith ort roimhe.

Fonótaí