Deotranaimí 2:1-37

2  “Chasamar ansin agus ar aghaidh linn faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf mar a d’ordaigh an Tiarna dom.  Is iomaí lá a bhíomar ar seachrán thart fá Shliabh Shaeír.  Ansin dúirt an Tiarna liom: ‘Tá sibh fada bhur ndóthain ar fán ar na hardáin seo. Ó thuaidh libh.  Agus tabhair an t-ordú seo don phobal: Tá sibh ar tí gabháil trí chríocha bhur mbráithre gaoil, clann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír. Tá eagla orthu romhaibh, ach bígí aireach.  Ná déanaigí iad a ghriogadh. Óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá dtailte daoibh, aon phioc fiú oiread agus leithead tráchta, mar thug mé Sliabh Shaeír do Éasau mar shealúchas.  Díolaigí iad le hairgead as cibé bia a íosfaidh sibh; agus díolaigí iad le hairgead as cibé uisce a ólfaidh sibh.  Chuir an Tiarna bhur nDia a bheannacht ort i mbun do ghnothaí go léir; choimeád sé a shúil oraibh agus sibh ag gabháil tríd an bhfásach fairsing seo; bhí an Tiarna do Dhia in do choimhdeacht an daichead bliain sin; ní raibh aon ní riamh de dhíth ort.’  “Ghabhamar thar ár mbráithre gaoil, clann Éasau, a bhfuil cónaí orthu i Saeír, feadh bhealach an Arabá agus ó Éalat agus Eizion Geibir. Ansin chasamar agus ar aghaidh linn i dtreo fhásach Mhóáb.  Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Ná déan ionsaí ar Mhóáb ná é a ghriogadh chun catha, óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá thailte daoibh, óir thug mé Ár mar shealúchas do chlann Lót.’ 10  (Mhair na hÉimím ansiúd tráth cine mór líonmhar, agus iad chomh hard leis na hAnácaím. 11  Dála na nAnácaím, tugtaí na Rafáím orthu chomh maith, ach is Éimím a thugadh na Móábaigh orthu. 12  Bhí cónaí ar na Hóraigh leis i Saeír tráth, ach chuir clann Éasau as seilbh iad; dhíothaigh siad as a slí iad, agus lonnaíodar ina n-áit, faoi mar a rinne Iosrael ina dtír féin, an oidhreacht a thug an Tiarna dóibh.) 13  ‘Ar aghaidh libh! Agus thar sileán Zeirid.’ “Ghabhamar, dá bhrí sin, thar sileán Zeirid. 14  Anois mhair ár seachrán ó d’fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d’fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh. 15  Luigh lámh an Tiarna orthu lena scrios ón gcampa go dtí gur cailleadh iad go léir. 16  Nuair a bhí gach uile fhear cogaidh sciobtha ag an mbás ó lár an phobail, 17  dúirt an Tiarna liom: 18  ‘Inniu féin rachaidh tú thar teorainn Mhóáb ag Ár, 19  agus déanamh ar theorainn chlann Amón. Ná déanaigí ionsaí orthu ná iad a ghriogadh; óir ní thabharfaidh mé aon phioc de thailte chlann Amón daoibh, mar thug mé é mar shealúchas do chlann Lót.’ 20  (Tugtar leis tír na Rafáím air; mhair na Rafáím ann tráth, ach tugann na hAmónaigh Zamzuimím orthu; 21  cine mór líonmhar iad agus iad chomh hard leis na hAnácaím; ach dhíothaigh an Tiarna as a slí iad, agus chuir na hAmónaigh as seilbh iad agus lonnaíodar ina n-áit, 22  faoi mar a rinne sé na Hóraigh a dhíothú as a slí roimh chlann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír, i dtreo gur chuireadar as seilbh iad agus gur chuireadar fúthu ina n-áit agus go bhfuil siad ann go dtí an lá inniu. 23  Ba é an scéal céanna é leis na hÁivím a bhí ag cur fúthu i mbailte an tslí go léir go Gazá; tháinig na Caftoraím ó Chaftor, agus rinneadar iad a dhíothú agus cur fúthu ina n-áit.) 24  ‘Scoirigí campa agus ar aghaidh libh, agus thar sileán Arnón libh. Seo é Síochon, an tAmórach, rí Heisbeon, agus a fhearann á chur agam faoi do láimh; crom ar sheilbh a ghabháil; cuir cath air! 25  Táim ag cromadh inniu féin ar scéin agus ar eagla romhat a chur ar an uile chine faoi stua neimhe; cách a chluinfidh torann do theachta tiocfaidh critheagla agus uafás orthu romhat.’ 26  Chuir mé teachtairí dá bhrí sin ó fhásach Chadaemót go Síochon rí Heisbeon le teachtaireacht síochána á rá: 27  “Is áil liom dul trí d’fhearann. Ní dhéanfaidh mé ach gabháil feadh an bhealaigh, gan claonadh ar dheis ná ar chlé. 28  Cibé bia a íosfaidh mé, díol liom ar airgead, agus íocfaidh mé as cibé uisce a olfaidh mé. Ná déan ach a cheadú dom gabháil ar aghaidh de chois, 29  faoi mar a rinne clann Éasau liom a bhfuil cónaí orthu i Saeír, agus na Móábaigh a bhfuil cónaí orthu in Ár, go dté mé thar an Iordáin go dtí an tír atá á thabhairt dúinn ag an Tiarna ár nDia.’ 30  “Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d’fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d’fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu. 31  Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Seo mé ag cromadh ar Shíochon agus a fhearann á thabhairt agam faoi do réir. Cuir chun a ghabhála; gabh seilbh ar a fhearann.’ 32  Ansin mháirseáil Síochon agus a mhuintir go léir amach inár n-aghaidh chun catha a chur i Iáhaz. 33  Thug an Tiarna ár nDia ar láimh dúinn é; bhriseamar air féin ar a chlann mhac agus ar a mhuintir go léir. 34  Ansin ghabhamar a chathracha go léir agus chuireamar na cathracha go léir faoi bhang, mar aon lena bhfir, a mná agus a leanaí; ní dhearnamar anacal, 35  ach ar an stoc a thugamar linn mar chreach agus ar an mbraid ó na cathracha a ghabhamar. 36  Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn. 37  Níor fhág sibh gan baint léi ach dúiche chlann Amón amháin, insí uile abhann Iaboc, is é sin, agus cathracha an ardáin, agus cibé áit a choisc an Tiarna ár nDia orainn.

Fonótaí