Deotranaimí 22:1-30

22  “Má fheiceann tú damh nó caora le do dheartháir ag dul ar seachrán, ná bí seachantach ina dtaobh; ní foláir duit iad a bhreith leat ar ais chun do dhearthár.  Mura bhfuil sé láimh leat, nó murab aithnid duit é, tabhair leat abhaile é, agus coinnigh é nó go dtagann do dheartháir á lorg; tabhair dó ansin é.  Déan mar an gcéanna lena asal, agus lena bhrat, agus le haon ní a chailleann do dheartháir agus go bhfaigheann tú é: ná bíodh aon seachaint sa ghnó seo.  Ná bí á seachaint má fheiceann tú damh nó asal do dhearthár ag titim ar an mbóthar, ach cabhraigh leis á gcur ina seasamh arís.  Ná cuireadh bean feisteas fir uirthi féin, agus ná cuireadh fear feisteas mná air féin; is gráin leis an Tiarna do Dhia an mhuintir a dhéanann na nithe sin.  Má tharlaíonn tú i do shiúlta ar nead éin i gcrann nó sa talamh agus gearrcaigh nó uibheacha ann, agus an mháthair ina luí ar na huibheacha nó ar na gearrcaigh, ná tóg an mháthair leis na gearrcaigh;  ach scaoil leis an máthair. Ní miste duit na gearrcaigh a bhreith leat. Ar an gcaoi sin beidh an rath ort agus fad saoil agat.  Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de.  Ná cuir an dara sórt síl i do fhíonghort le nach ndéanfaí coisreacan ar a thoradh go léir—ar an mbarr eile a chuir tú agus ar thoradh do fhíonghoirt. 10  Ná cuir damh agus asal faoin aon chuing threafa. 11  Ná caith éadach leathach, éadach fite d’olann agus de líon. 12  An fhallaing a chuireann tú umat, déan scothóga ar a ceithre cúinní. 13  “Má phósann duine bean agus luí léi, agus ansin gur beag air í, 14  agus go gcuireann sé mí-iompar ina leith agus í a náiriú go poiblí, á rá: ‘Phós mé an bhean seo agus nuair a luigh mé léi ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais.’ 15  Ansin tugadh athair agus máthair na mná óige comharthaí a maighdeanais leo go seanóirí na cathrach ag an ngeata. 16  Abradh athair na mná óige leis na seanóirí: ‘Thug mé m’iníon don fhear seo le pósadh agus is beag air í. 17  Tá mí-iompar á chur ina leith aige anois á rá: “Ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais ar d’iníon.” Ach seo iad comharthaí maighdeanais m’iníne.’ Agus leathfaidh siad an t-éadach os comhair sheanóirí na cathrach. 18  Ansin beireadh seanóirí na cathrach sin greim ar an bhfear úd, gabhaidís de lasca ann, 19  agus gearraidís fíneáil céad seicil airgid air agus tugaidís iad d’athair na mná óige óir tá drochcháil tugtha aige ar mhaighdean in Iosrael, agus fanadh sí mar bhean aige agus ní bheidh cead aige í a chur uaidh lena shaol. 20  Ach más fíor é agus má dheimhnítear nach bhfuarthas comharthaí maighdeanais na mná óige, 21  ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t-olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin. 22  “Má fhaightear fear ag luí le bean duine eile, cuirtear iad araon chun báis—an fear a luigh leis an mbean, agus an bhean féin. Ní foláir duit an t-olc seo a dhíbirt ó Iosrael an tslí sin. 23  “Má bhíonn maighdean geallta agus go mbuaileann fear léi sa chathair, agus go gcodlaíonn léi, 24  beirigí iad araon libh amach go geata na cathrach sin agus cuirigí chun báis de chlocha iad—an bhean óg mar nár liúigh sí ag lorg cabhrach agus í sa chathair, agus an fear mar gur thruailligh sé bean a chomharsan. Ní foláir duit an t-olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin. 25  Ach más faoin tuath a bhuaileann fear le bean óg atá geallta agus go ndéanann sé éigean uirthi agus luí léi, ansin ná cuirtear chun báis ach an fear a luigh léi. 26  Ná déan aon ní leis an mbean óg óir ní dhearna an bhean óg aon choir a thuillfeadh bás, mar is cuma an cás seo nó fear a ionsaí agus a mharú a chomharsan. 27  Óir tháinig sé uirthi faoin tuath, agus ba fhéidir don bhean óg liú gan aon duine a theacht á fóirithint. 28  Má bhuaileann fear le maighdean nach bhfuil geallta agus í a éigniú agus luí léi, agus go mbeirtear orthu, 29  ansin tugadh an fear a luigh léi leathchéad seicil airgid d’athair na mná óige agus bíodh sí mar bhean aige mar gur thruailligh sé í agus ní féidir dó í a chur uaidh lena shaol. 30  Ná gabhadh fear bean a athar chuige, agus ná baineadh sé beann bhrat a athar anuas di.

Fonótaí