Deotranaimí 24:1-22

24  “Abair gur thóg fear bean agus phós í; ach níorbh áil leis í agus fuair sé mínáire éigin le cur ina leith; agus scríobh sé bille scartha di agus thug ina láimh di é agus chuir sé chun siúil óna theach í;  d’imigh sí léi amach agus phós fear eile í.  Má thagann gráin ag an bhfear eile uirthi agus go scríobhann sé bille scartha di, agus é a thabhairt ina láimh di agus í a chur chun siúil óna theach (nó má fhaigheann an fear eile seo, a phós í, bás)  ní ceadmhach dá céad fhear, a chuir uaidh í, í a ghlacadh ar ais anois mar bhean ós rud é gur truaillíodh í ar an gcuma seo. Óir is fuath leis an Tiarna é sin agus ná tabhair ciontacht ar an tír a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht.  “Fear nuaphósta, ná téadh sé san arm agus ná bítear ag cur cúraimí air; fágtar sa bhaile é ar feadh bliana, saor ó dhualgais, le sólás a thabhairt don bhean a ghabh sé chuige.  Ná tógadh aon duine muileann ná bró i ngeall mar b’ionann sin agus anam a thógáil i ngeall.  Má bheirtear ar dhuine ag fuadach duine dá bhráithre, de chlann Iosrael, cibé acu le daor a dhéanamh de nó lena dhíol, ní foláir an gadaí sin a chur chun báis. Díbir an t-olc seo ó bhur measc.  I gcás taom lobhra déan gach a n-ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d’aithin mé dóibh le cáiréis.  Cuimhnigh ar a ndearna an Tiarna le Miriám agus sibh ar an mbealach ón Éigipt amach. 10  “Má bhíonn iasacht d’aon sórt á thabhairt agat do do chomharsa ná téigh isteach ina theach agus a gheall a ghabháil. 11  Fan lasmuigh agus tugadh an té dá bhfuil an iasacht á tabhairt agat an geall amach chugat. 12  Más bochtán é ná codail ina gheall. 13  Nuair a théann an ghrian faoi, tabhair an geall ar ais dó i dtreo gur féidir dó codladh ina bhrat agus beannacht a chur ort; beidh sin ina ghníomh fónta agat i láthair an Tiarna do Dhia. 14  “Ná tar i dtír ar fhostúch bocht dealbh, más bráthair duit é, más deoraí i do dhúiche é atá ag cur faoi i do bhailte. 15  Tabhair a thuarastal dó an lá a thuillfidh sé é, sula dtéann an ghrian faoi (mar tá sé bocht agus tá dúil aige ann) le heagla go n-éifeadh sé chun an Tiarna i d’aghaidh, agus gur pheaca duit sin. 16  Ná cuirtear aithreacha chun báis thar ceann a mac, ná mic thar ceann a n-aithreacha. Cuirtear gach duine chun báis ar son a choire féin. 17  “Ná déan breith a chlaonadh i gcás deoraí ná dílleachta, agus ná tóg brat baintrí i ngeall. 18  Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor san Éigipt agus go ndearna an Tiarna do Dhia thú a fhuascailt as an áit sin; uime sin a thugaim an aithne seo duit le comhlíonadh. 19  “Nuair a bhíonn an fómhar á bhaint agat sa ghort agus go ndéanann tú dearmad ar phunann sa ghort, na téigh siar ag triall uirthi. Fág ansiúd í don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach i dtreo go ndéanfadh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort i do chúraimí go léir. 20  Nuair a bhuaileann tú do chrann ológ, ná téigh siar arís ar na géaga. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach. 21  Nuair a chruinníonn tú fómhar d’fhíonghoirt, ná pioc a thuilleadh é. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach. 22  Cuimhnigh go raibh tú i do dhaor i dtír na hÉigipte; sin é an fáth go dtugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.

Fonótaí