Deotranaimí 33:1-29

33  Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.  Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái,agus d’éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír.Dealraigh sé ó Shliabh Phárán;tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis,ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.  Tusa a ghráigh na haithreacha,is i do láimh atá na naoimh go léir.Thiteadar ag do chosa,agus chuadar ar aghaidh go mear faoi do threoir.  (Leag Maois dlí orainn.)Tá comhthionól Iacóib ag dul i seilbh a oidhreachta.  Bhí rí in Isiriún,nuair a thionóil ceannairí an phobail,agus go raibh treibheanna uile Iacóib le chéile.  Go maire Reúbaen agus nár fhaighe bás,go maire chomh maith a bheagán slua.  Dúirt sé mar leanas faoi Iúdá:Éist, a Thiarna, le glor Iúdá,agus beir ar ais chun a mhuintire é,go gcosnaí a lámha a chearta,agus go dtaga i gcabhair air in aghaidh a naimhde.  Dúirt sé faoi Léiví:Tabhair do Léiví do Úirím,agus do Thuimím don té dá dtug tú gean,tar éis duit é a phromhadh ag Masá,agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá,  Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair:“Ní fhaca mé iad.”Ní aithnid dó a bhráithre,ná níl aithne aige ar a chlann.Sea, chomhlíonadar do bhriathar,agus choimeádadar do chonradh go daingean. 10  Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób,agus do dhlí do Iosrael.Seolann siad túis i do láthair,agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d’altóir. 11  A Thiarna, beannaigh a mhaoinagus glac le saothar a lámh.Basc leasracha a naimhdeagus a eascairde, ionas nach n-éireoidh siad arís. 12  Dúirt sé faoi Bhiniáimin:An té is ionúin leis an Tiarna,tá cónaí air gan bhaol ina fharraid.Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go láagus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte. 13  Dúirt sé faoi Iósaef:Go mbeannaí an Tiarna a fhearann,le togha dhrúcht neimhe,agus le togha an duibheagáin atá ag cúbadh thíos, 14  le togha thorthaí na gréine,agus fhómhar trom gach míosa, 15  le togha thoradh na gcnoc ársa,agus le flúirse ó na sléibhte ciana, 16  le togha thoradh na talún agus a bhfuil ann,le gean an té a lonnaigh sa Tor.Go bhfása an ghruaig go tiubh ar mhullach cheann Iósaef,an té a coisriceadh i measc a bhráithre. 17  Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir.Adharca daimh allta a adharcaagus leosan sánn sé na pobail go léirgo himill an domhain.Is mar sin leis na mílte ar mhílte d’Eafráim,is mar sin le mílte Mhanaise. 18  Dúirt sé faoi Zabúlun:Bíodh lúcháir ort, a Zabúlun, ag taisteal duit i gcéin,agus ortsa, a Íosácár, i do bhothanna. 19  Déanann siad íobairtí conáigh,ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí;óir blaiseann siad saibhreas na mara,agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh. 20  Dúirt sé faoi Ghád:Beannacht ar an té a fhágann a dhóthain slí ag Gád!Luíonn sé mar bhanleon;stoll sé géag, ceannaithe, agus baithis. 21  Thogh sé an chéad roinn dó féin,mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd.Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal;aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna,chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad. 22  Dúirt sé faoi Dhán:Coileán leoin é Dán,ag lingeadh ó Bháiseán. 23  Dúirt sé faoi Naftáilí:A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair,agus lán de bheannachtaí an Tiarna,bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh. 24  Dúirt sé faoi Áiséar:Go raibh beannacht thar na mic ar Áiséar;gurb é muirnín a bhráithre é.agus tumadh sé a chosa in ola! 25  Bíodh do bholtaí d’iarann agus de phrásagus do neart comhfhad le do ré. 26  Níl aon neach mar Dhia, Isiriún;tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha;agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht. 27  Sé Dia síoraí do thearmann.Anseo thíos sé an lámh shíoraí éag tiomáint an namhad romhat;eisean a deir: “Scrios iad.” 28  Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin;toghtar tobar Iacóibmar thír arbhair agus fíona;sileann neamh féin an drúcht anuas 29  Nach méanar duit, a Iosrael!Cé tá mar thú, pobal a d’fhuascail an Tiarna,an té is sciath do dhídine,agus claíomh do bhua.Tocfaidh do naimhde ag lútáil ort,ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.

Fonótaí