Deotranaimí 4:1-49

4  “Anois, más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, á thabhairt daoibh.  Ná cuirigí aon bhreis lena n-ordaím daoibh, agus ná bainigí uaidh, ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna bhur nDia go beacht mar a ordaím daoibh iad.  Chonaic sibh le bhur súile cinn cad a rinne an Tiarna i mBál Peór; óir dhíothaigh an Tiarna bhur nDia ó bhur measc lucht leanta uile Bhál Peór.  Ach sibhse a chloígh leis an Tiarna bhur nDia, maireann sibh fós inniu.  Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d’aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air.  Coimeádaigí iad agus leanaigí iad, agus taispeánfaidh siad bhur n-eagna agus bhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dlíthe seo go léir, déarfaidh siad: ‘Nach eagnaí agus nach tuisceanach an dream an cine mór seo!’  Agus cén cine mór atá ann a bhfuil a ndéithe chomh gar dóibh agus atá an Tiarna ár nDia dúinne ach glaoch air?  Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu?  “Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta. 10  An lá a sheas tú i Horaeb i láthair an Tiarna do Dhia, dúirt an Tiarna liom: ‘Cruinnigh an pobal i mo thimpeall go gcloisfidh a gcluasa mo bhriathra d’fhonn go bhfoghlaimeoidís conas eagla a bheith acu romham gach lá dá gcaithfidh siad ar an saol, agus go múinfidís sin dá gclann.’ 11  Tháinig sibh i ngar agus sheas ag bun an tsléibhe; las an sliabh le tine go crioslach nimhe, agus é faoi bhrat dorchadais, néil agus scamaill. 12  Ansin labhair an Tiarna libh ó lár na tine; fuaim na bhfocal do chuala sibh, ach cló ní fhaca sibh; ní raibh ann ach guth. 13  Nocht an Tiarna a chonradh daoibh, agus d’ordaigh daoibh é choimeád—na Deich nAitheanta, is é sin, a scríobh sé ar dhá chlár cloiche. 14  D’ordaigh an Tiarna dom an uair sin dlíthe agus reachtanna a theagasc daoibh, a leanfadh sibh sa tír a bhfuil sibh le dul anonn á shealbhú. 15  “Bígí aireach i mbeart dá bhrí sin. Ós rud é nach bhfaca sibh aon chló an lá a labhair an Tiarna libh i Horaeb ó lár na tine, 16  féachaigí chuige nach ndéanann sibh claonbheart agus íomhá shnoite a dhéanamh daoibh féin de chló dúile ar bith, cibé acu i gcosúlacht fir nó mná é, 17  nó i gcosúlacht aon ainmhí ar talamh, nó aon éin a eitlíonn san aer, 18  nó i gcosúlacht aon dúile a shníonn ar talamh, nó aon éisc sna huiscí atá faoi thalamh. 19  Nuair a thógann tú do shúile chun nimhe, agus go bhfeiceann tú an ghrian, an ghealach, na réaltaí agus eagar uile neimhe ná mealltar thú agus sléachtadh dóibh agus fónamh dóibh. D’fhág an Tiarna do Dhia iadsan faoi na ciníocha uile faoin spéir; 20  ach maidir libhse, rug an Tiarna leis amach ón bhfoirnéis iarainn sibh, as an Éigipt, le bheith ina phobal aige féin, féin, rud atá sibh fós inniu. 21  “Bhí an Tiarna i bhfearg liom de bhur gcionnsa, agus mhionnaigh nach rachainn thar an Iordáin anonn, ná nach rachainn isteach san fhearann fónta atá á thabhairt mar oidhreacht daoibh ag an Tiarna bhur nDia. 22  Sea, caithfidh mise bás a fháil sa tír seo gan dul thar an Iordáin anseo; ach rachaidh sibhse anonn agus gabhfaidh sibh seilbh ar an bhfearann fónta úd. 23  Seachnaígí dá bhrí sin agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne an Tiarna bhur nDia libh, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcosúlacht aon ní dár choisc an Tiarna bhur nDia oraibh. 24  Tine amplach é an Tiarna bhur nDia, agus Dia éadmhar. 25  Nuair a ghinfear clann agus clann clainne daoibh, agus go mbíonn tamall fada caite agaibh sa tír, má dhéanann sibh claonbhearta, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcló nó a chéile, ag cur olc ar an Tiarna agus fearg air, 26  an lá sin glaofaidh mé ar neamh agus ar thalamh le fianaise a thabhairt in bhur n-aghaidh; rachaidh sibh ar ceal gan mhoill ón tír a bhfuil sibh ag dul thar an Iordáin á shealbhú. Ní fada a mhairfidh sibh ann; rachaidh sibh i ndísc ar fad. 27  Cuirfidh an Tiarna scaipeadh oraibh i measc na gciníocha, agus ní fhágfar ach fuíoll suarach díbh i measc na bpobal dá dtiomáinfidh an Tiarna sibh. 28  Déanfaidh sibh fónamh ansiúd do dhéithe adhmaid agus cloiche, saothar lámh daonna, nach bhfuil ar a gcumas aon ní a fheiceáil, a chlos, a ithe, ná a bholadh a fháil. 29  Ach lorgóidh tú an Tiarna do Dhia ón áit sin, agus má lorgaíonn tú é ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, gheobhaidh tú é. 30  I do chruachas duit, tiocfaidh gach a ndúirt mé sa mhullach ort, ach i gcríoch na laethe fillfidh tú ar an Tiarna do Dhia, agus géillfidh tú dá ghlór. 31  Óir is Dia trócaireach an Tiarna do Dhia; ní thréigfidh sé thú, ná thú a scrios, ná ní dhéanfaidh dearmad ar an gconradh a rinne sé le bhur n-aithreacha faoi bhrí na mionn. 32  “Óir, cuir an cheist seo dá bhrí sin chun na n-aos a d’imigh tharainn agus a bhí romhat, ón lá a chruthaigh Dia an duine ar talamh: An raibh briathar riamh chomh maorga ó cheann ceann neimhe? Ar chualathas riamh a leithéid? 33  Ar chuala aon chine riamh guth Dé [bheo] ag labhairt ó chroí na tine, mar a rinne tusa, agus iad a mhaireachtáil? 34  Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall?—na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt. 35  Thaispeáin sé an méid sin daoibh, d’fhonn go mbeadh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia dáiríre agus nach bhfuil Dia ann ach é. 36  Lig sé duit a ghuth a chlos ó neamh do do theagasc; lig sé duit a thine mhór a fheiceáil ar talamh, agus ó chroí na tine chuala tú a bhriathar. 37  De bhrí gurbh ansa leis do shinsir agus gur thogh sé sliocht ina ndiaidh, agus gur thug sé as an Éigipt amach thú, gan ceilt ar a láthar na ar a mhórchumhacht, 38  ag díbirt náisiún ba mhó agus ba threise ná thú féin romhat amach, agus thug sé isteach ina bhfearann siúd thú lena thabhairt duit mar oidhreacht, rud atá go dtí inniu féin; 39  tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é. 40  Coimeád a reachta agus a aitheanta dá bhrí sin mar a thugaim duit iad inniu i dtreo go mbeidh conách ort féin agus ar do shliocht, agus saol fada agat sa tír atá á thabhairt duit go brách ag an Tiarna do Dhia.” 41  Ansin chuir Maois trí cathracha lastoir, taobh thall den Iordáin, i leataobh 42  mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fháil, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go cinniúnach, agus gan é i bhfaltanas leis roimhe sin; le teitheadh i gcathair díobhsan, d’fhéadfadh sé a anam a bhreith leis. 43  Ba iad seo iad: do na Reúbaenigh, Beizir san fhásach ar an ardchlár; do na Gádaigh, Rámot i nGileád; do na Manaisigh, Gólán i mBáiseán. 44  Seo é an dlí a leag Maois roimh chlann Iosrael; 45  seo iad na hachtanna agus na dlíthe agus na reachtanna a d’ordaigh Maois do chlann Iosrael ar theacht as an Éigipt dóibh, 46  agus iad lastall den Iordáin sa ghleann láimh le Béit Peór i bhfearann Síochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon; bhris Maois agus clann Iosrael airsean ar theacht as an Éigipt dóibh, 47  agus ghabhadar seilbh ar a fhearann agus ar fhearann Óg rí Bháiseán—dhá rí na nAmórach a lonnaigh thoir lastall den Iordáin, 48  ó Aroéir ar an ardán os cionn ghleann an Arnón go Sliabh Shirion, Hearmón is é sin— 49  agus ar an Arabá go léir lastoir den Iordáin, go Muir an Arabá faoi bhun shleasa Phisceá.

Fonótaí