Eizicéil 14:1-23

14  Tháinig dream de sheanóirí Iosrael chugam ansin agus shuigh os mo chomhair.  Tháinig briathar an Tiarna chugam:  “A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n-urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith?  Dá bhrí sin, labhair leo; abair seo leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cibé fear de mhuintir Iosrael a bhfuil a chroí istigh sna híola atá aige agus a bhreathnaíonn le taitneamh ar bhunchúis a urchóide agus a thagann ina dhiaidh sin chuig an bhfáidh, gheobhaidh sé freagra uaimse, an Tiarna, mar gheall ar iomad a íol’,  ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n-íol.  “Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n-íola agus tréigigí bhur n-imeachtaí gránna uile.  Cibé fear de mhuintir Iosrael—nó de na coimhthígh atá ag cur fúthu in Iosrael—a thugann cúl liomsa, a ghlacann chuige féin ina chroí istigh na híola atá aige, a shuíonn bunchúis a urchóide os a chomhair amach agus a thagann ina dhiaidhsean chuig fáidh ag cur mo thuairisce, freagróidh mise, an Tiarna, é de mo dheoin féin.  Diúltóidh mé don fhear sin, déanfaidh mé sampla agus solaoid de, gearrfaidh mé amach é as lár mo phobail, agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.  Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael. 10  Fulaingeoidh siad pionós agus beidh an pionós céanna ann don fháidh agus don duine a chuireann tuairisc; 11  ionas nach seachránfaidh muintir Iosrael uaim arís agus nach dtruailleoidh siad iad féin níos mó lena gcionta, ach go mbeidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan—an Tiarna a labhraíonn.’” 12  Tháinig briathar an Tiarna chugam: 13  “A mhic an duine, dá bpeacódh tír i mo choinne trí mhídhílseacht agus go sínfinn amach mo lámh ina choinne, go mbrisfinn a stór aráin agus gorta a sheoladh chuige agus gach fear agus ainmhí ann a scrios as; 14  dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin—an Tiarna Dia a labhraíonn. 15  Dá scaoilfinn ainmhithe allta ar fud na tíre agus go gcreachfaidís agus go mbánóidís é ionas nach mbeadh sé intaistil mar gheall ar na hainmhithe; 16  dá mbeadh fiú an triúr seo ann, dar mo bheatha—an Tiarna Dia a labhraíonn—ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin agus bhánófaí an talamh. 17  Nó dá dtabharfainn claíomh ar an tír sin agus a rá: Téadh an claíomh tríd an tír, agus go scriosfainn gach fear agus ainmhí amach as; 18  dá mbeadh fiú an triúr seo ann, ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin, dar mo bheo—is é an Tiarna a labhraíonn. 19  Nó dá seolfainn plá chun na tíre sin agus m’fhearg a ídiú ann le fuil ionas go scriosfaí gach fear agus ainmhí ann; 20  dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha—an Tiarna Dia a labhraíonn—ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin. 21  “Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim—an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá—ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí! 22  Ach má fhágtar aon duine ann le bhur mic agus bhur n-iníonacha a tharrtháil; nuair a thiocfaidh siad chugaibh agus nuair a fheicfidh sibh a n-iompar agus a ngníomhartha, gheobhaidh sibh sólás cúitimh as an olc a thug mé ar Iarúsailéim, as ar tharraing mé anuas uirthi. 23  Tabharfaidh siad sólás daoibh nuair a fheiceann sibh a n-iompar agus a ngníomhartha; agus tuigfidh sibh nach gan fáth a rinne mé gach rud mar a rinne—an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Fonótaí