Eizicéil 15:1-8

15  Tháinig briathar an Tiarna chugam:  “A mhic an duine conas a sháraíonn adhmad na fíniúna aon adhmad eile ó chraobh crainn san fhoraois?  An mbaintear a hadhmadle haon rud a dhéanamh as?An mbaintear bacán asle soitheach a chrochadh air?  Féach ansin é!á chaitheamh ar an tine mar chonnadh.Dónn an tine dhá cheann;deargann an lár ina aibhleog;An bhfuil maith ar bith ann a thuilleadh?  Nuair a bhí sé iomlánní raibh aon mhaith annle haon rud a dhéanamh as;anois agus é dóite gualaithenach lú fós an mhaith atá ann?  “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dála adhmad na fíniúna i measc crainn na foraoise a thug mé don tine mar chonnadh, mar sin a chaithfidh mé áitritheoirí Iarúsailéim uaim.  Iompóidh mé m’aghaidh ina gcoinne, agus cé go n-éalóidh siad ón tine slogfaidh sí beo iad fós. Tuigfidh tú gur mise an Tiarna nuair a iompóidh mé m’aghaidh ina gcoinne,  agus nuair a bhánóidh mé an talamh in éiric a mídhílseachta—an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Fonótaí