Eizicéil 19:1-14

19  “Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael.  Abraigí: ‘Cad ba mháthair duit?Leon baineann i measc leon.Ina luí idir na leoin ógad’oil sí na coileáin.  Thóg sí coileán acuagus d’fhás sé ina leon óg;d’fhoghlaim sé breith ar an gcreach,agus thosaigh ag alpadh fear.  Thóg na ciníocha an gháir ina choinne,gabhadh ina bpoll é;agus thug siad le crucaígo tír na hÉigipte é.  Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíteagus ábhar a dóchais caillte,ghlac sí coileán eile dá cuidagus thóg ina leon óg é.  Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon,d’fhás ina leon óg,d’fhoghlaim sé breith ar an gcreachagus thosaigh ag alpadh fear.  Scrios sé a gcaisleáinagus bhánaigh a gcathracha;scanraigh an tír agus a raibh intiag callán a bhúiríola.  Ghluais na ciníocha ansin ina choinneó na cúigí máguaird;leathnaigh siad a n-eangach thairis;gabhadh ina bpoll é.  Ghabh siad i gcarcair é le crúcaíagus rug leo é go rí na Bablóine;chuir siad i mbraighdeanas éionas nach gcluinfí a ghlór arísar shléibhte Iosrael.’ 10  Bhí do mháthair amhail fíniúina cuireadh i gcóngar an uisce. 11  D’fhás an ghéag ba láidreina slat ríoga;d’fhás sí go han-ardos cionn na dtiúchraobhacha.Ba shofheicthe í ar a hairdeagus ar mhothall a duilliúir. 12  Ach réabadh as a fréamh í,teilgeadh ar lár í le fearg;seargadh a toradh ag an ngaoth anoir,chríon an ghéag láidir,dhóigh an tine í go léir. 13  Tá sí athchurtha anois san fhásach,in ithir thirim thartmhar. 14  Chuaigh tine amach ón tamhan,a dhóigh idir ghéaga agus thoradh;tá deireadh leis an gcraobh láidir,deireadh leis an tslat ríoga.’” Is tuireamh é sin agus glactar leis amhlaidh.

Fonótaí