Eizicéil 21:1-32

21  [21:6] Tháinig briathar an Tiarna chugam:  [21:7] “A mhic an duine, iompaigh i dtreo Iarúsailéim, cuir do mhallacht ar an sanctóir agus tairngir in aghaidh thír Iosrael.  [21:8] Abair le tír Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, nochtfaidh mé mo chlaíomh as a thruaill agus maróidh mé idir fhíréan agus chiontach.  [21:9] Tarraingeoidh mé mo chlaíomh as a thruaill leis an bhfíréan agus an ciontach a leagan, ón Neigib ó thuaidh.  [21:10] Tuigfidh gach duine gur mise, an Tiarna, a tharraing a chlaíomh as a thruaill; ní chuirfear ar ais ann arís é.’  [21:11] “Lig ochón asat, a mhic an duine; lig ochón cráite agus caoineadh goirt asat ina láthair siúd.  [21:12] Agus ar do cheistiú acu: ‘Cad chuige an mhairg?’, freagroidh tú: ‘Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche—an Tiarna Dia a labhraíonn.’”  [21:13] Tháinig briathar an Tiarna chugam:  [21:14] “A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia. Abair: An claíomh! An claíomh!Tá faobhar agus snas ar an gclaíomh. 10  [21:15] An faobhar don ár,an snas don drithliú.[21:15b] An cúis áthais é seo againngur dhíspeag sibh ríshlat mo mhicamhail gach sórt crainn? 11  [21:16] Snasaítear é chun úsáide;faobhraítear agus snasaítear élena chur i láimh an mharfóra. 12  [21:17] Lig uaill agus olagón asat, a mhic an duine.Tá sé i ndán do mo phobal,do phrionsaí uile Iosrael mar aon le mo phobal,atá tugtha suas don chlaíomh.Buail do cheathrú dá bhrí sin, 13  [21:18] óir ní céadiarracht ar bith é seo.An bhfuil aon teorainn lena chumhachtmá dhíspeagann sibh an ríshlat?—an Tiarna Dia a labhraíonn. 14  [21:19] A mhic an duine, tairngir agus buail bosa,titeadh an claíomh faoi dhó nó faoi thrí,claíomh seo na marbh,claíomh an áir mhóir a chiorclaíonn iad. 15  [21:20] Ionas go mbeidh uamhan ina gcroíagus go dtitfidh mórshlua,tá claíomh ar tarraingt agamag an uile gheata;é ag drithliú agus faobhar air don ár. 16  [21:21] Treascair leat ar dheis agus ar chlé,faobhar ar aghaidh. 17  [21:22] Buailfidh mise bosa fosta;ídeoidh mé mo fhearg.Mise, an Tiarna, a labhair.” 18  [21:23] Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: 19  [21:24] “A mhic an duine, socraigh dhá bhealach do theacht chlaíomh rí na Bablóine; bíodh an dá bhealach ag teacht ón tír chéanna. Tóg cuaille eolais ag ceann an bhealaigh chun na cathrach; 20  [21:25] socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim. 21  [21:26] Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna. 22  [21:27] Titeann an tuar do Iarúsailéim ina láimh dheas: ní mór dó focal spreagtha chun áir a thabhairt, gáir chatha a fhógairt, reithí cogaidh a dhíriú ar na geataí, mótaí cré agus ballaí léigir a thógáil. 23  [21:28] Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad. 24  [21:29] “Uime sin, is mar seo a deir an Tiarna: De bhrí gur thug sibh fianaise ar bhur gciontacht an oiread sin, gur fhoilsigh sibh bhur gcoireanna, agus gur léirigh sibh bhur bpeacaí in bhur n-uile imeachtaí; de bharr na fianaise seo gearrfar pionós oraibh. 25  [21:30] Agus fútsa, a phrionsa aindiaga urchóidigh Iosrael, a bhfuil lá do phionóis báis buailte leat, 26  [21:31] déarfaidh an Tiarna: Tógfar uait an turban, bainfear díot an choróin; ní fhanfaidh an saol mar atá; ardófar an t-íseal agus ísleofar an t-ard. 27  [21:32] Ar lár, ar lár, ar lár a fhágfaidh mé í. Ní fhanfaidh an lorg is lú di nó go dtiocfaidh an fear ceart; is dósan a thabharfaidh mé í.” 28  [21:33] “Tusa, a mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi na hAmónaigh agus faoina masla: Abair: An claíomh, tá an claíomh ar tarraingt don ár, tá snas air chun scriosta agus chun drithlithe mar thintreach— 29  [21:34] le linn d’fhíseanna baotha agus do chomhairle le fáistiní bréige—lena leagan ar mhuineál an lucht aindiaga urchóidigh a bhfuil lá a bpionóis báis buailte leo. 30  [21:35] Cuir ar ais sa truaill é. Daorfaidh mé thú san áit ar cruthaíodh thú, i do thír dhúchais féin. 31  [21:36] Silfidh mé mo dhíbheirg anuas ort, séidfidh mé tine mo chuthaigh i d’aghaidh, agus tabharfaidh mé suas thú i lámha lucht bhrúidiúil atá tugtha don scrios. 32  [21:37] Beidh tú mar chonnadh don tine, beidh d’fhuil ag rith ar fud na tíre, ní chuimhneofar ort níos mó. Óir mise, an Tiarna, a labhair.”

Fonótaí