Eizicéil 31:1-18

31  San aonú bliain déag, ar an chéad lá den tríú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam:  “A mhic an duine, abair le Forann, rí na hÉigipte, agus lena ghéillsinigh: Cad leis is cosúil tú i do mhórgacht?  Le céadras sa Liobáin gan amhras,le géaga breátha, beangáin dhlútha agus stoc ard,a bharr i measc na néalta.  Chothaigh na huiscí é,thug an duibheagán air fás go hard,trína aibhneacha a chur ag sníthar láthair a fhréamhaithe,a shrutháin chun crainn uile na foraoise.  Uime sin d’fhás sé níb airde ná na crainn eile;mhéadaigh a bheangáin, shín a ghéaga amachde thairbhe flúirse an uisce a tháinig fad leis.  Neadaíodh ina ghéaga éanlaith uile an aeir;bheireadh na hainmhithe allta uile a n-óga faoina chraobhacha;shuíodh faoina scáile daoine de gach sórt.  Ba bhreá a mhéid agus fad a bheangán,chuaigh na fréamhacha síos i bhflúirse an uisce.  Ní raibh céadras inchurtha leis i ngairdín Dé;ní raibh a leithéid de ghéaga ag giúis ar bith,ná a leithéid de bheangáin ag crann plána,ná a leithéid de scéimh ag aon chrann i ngairdín Dé.  Rinne mé dóighiúil é lé hiomad a ghéag;bhí gach crann in éad leis in Éidin, i ngairdín Dé. 10  “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur fhás sé in airde agus gur bhain a bharr na néalta amach, agus gur éirigh sé teann as a airde, 11  thug mé suas é do thaoiseach na gciníocha, leis an drochíde atá tuillte aige a thabhairt dó go dearfa. Chaith mé uaim é. 12  Gearradh anuas é ag coimhthígh, an dream is barbartha amuigh, agus caitheadh ar leataobh é. Tá a ghéaga scaipthe ar na sléibhte agus san uile ghleann; tá a bheangáin bhriste ag líonadh gach cumair sa tír; d’imigh gach duine sa tír óna scáth agus thréig é. 13  Tuirlingíonn éanlaith uile an aeir ar an raic; tá pluaiseanna ag na hainmhithe allta faoina chraobhacha. 14  As seo amach ná fásadh aon chrann in airde mhór le hais na n-uiscí, ná baineadh barr aon chrainn na néalta amach, ná síneadh aon chrann dea-uiscithe a airde iomlán ina dtreo. Tá an bás i ndán dóibh uile, an réigiún in íochtar na talún mar a dtéann daoine i gcoitinne chomh maith leosan a théann síos go Seól. 15  “Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ndeachaigh sé síos go Seól, thug mé ar an duibheagán caoineadh ar a shon trína aibhneacha a chosc agus a bhflúirse uisce a dhul i ndísc. Chuir mé an Liobáin faoi ghruaim ar a shon agus thug ar chrainn uile na páirce seargadh. 16  Chuir mé na ciníocha ar crith le callán a thitime nuair a theilg mé síos é go Seól ina gcuideachta siúd a théann síos sa pholl. Sa réigiún thíos ghlac crainn uile Éidin sólás, crainn uaisle áille uile na Liobáine a chothaítí lé huisce. 17  Na ciníocha a dhéanadh cónaí faoina scáth, chuaigh siad uile síos leis go Seól chucu siúd a bascadh leis an gclaíomh. 18  “An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh. “Is é seo Forann agus a ghéillsinigh—an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Fonótaí