Eizicéil 47:1-23

47  Rug sé ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill—bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t-uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir.  Rug sé ansin mé amach an geata thuaidh agus thug orm dul timpeall amuigh fad leis an ngeata seachtrach thoir, áit a raibh an t-uisce ag sceitheadh soir.  Chuaigh an fear soir agus a shlat tomhais ina láimh agus thomhais sé míle banlámh. Thug sé orm ansin siúl tríd an uisce; chuaigh an t-uisce go murnán orm.  Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce athuair; chuaigh an t-uisce go glúine orm. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce arís; chuaigh an t-uisce go leasrach orm.  Thomhais sé míle eile; b’abhainn é narbh fhéidir dul tríthi. Bhí an t-uisce éirithe agus domhain go leor chun snámh ann, abhainn nárbh fhéidir dul tríthi.  Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú?” Thug sé orm dul ar ais ar bhruach na habhann.  Ar dhul ar ais dom chonaic mé a lán crann, ar gach bruach den abhainn.  Dúirt sé: “Sileann an t-uisce seo soir agus téann síos isteach san Arabá; agus ar dhul isteach dó in uisce marbh na farraige déanann sé an fharraige úr.  Aon áit a sileann an abhainn mairfidh gach dúil bheo a chorraíonn inti agus beidh flúirse éisc ann; de bhrí go mbíonn sláinte aon áit a dtéann an t-uisce agus go mbíonn an t-anam i ngach dúil aon áit a sileann an abhainn. 10  Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire. 11  Ní thiocfaidh úire sna riasca agus sna bogaigh; fágfar iadsan ina sáile. 12  Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t-uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.” 13  “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef. 14  Roinnfidh sibh é cothrom; mhionnaigh mé an tír a bhronnadh ar bhur n-aithreacha agus titfidh sé oraibh mar oidhreacht. 15  Seo iad teorainneacha na tíre: Ar an taobh thuaidh ón bhFarraige Mhór bealach Heatlon isteach go Hamát agus ar aghaidh go Zadad, 16  Baerótá, Sabraím ar an teorainn idir an Damaisc agus Hamát, agus go Hazaer hat Tíceon ar theorainn Haurán. 17  Sínfidh an teorainn ón bhfarraige go Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce agus ar theorainn Hamát ó thuaidh fosta. Sin é an teorainn thuaidh. 18  Ar an taobh thoir sínfidh an teorainn le taobh an Iordáin idir Haurán agus an Damaisc, idir Gileád agus tír Iosrael go dtí an Fharraige Thoir síos fad le Támár. Sin é an teorainn thoir. 19  Ar an taobh theas ó Thámár ó dheas go huiscí Mhiríbeá Caidéis, fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. Sin é an teorainn theas. 20  Ar an taobh thiar beidh an Fharraige Mhór mar theorainn fad le bealach Hamát. Sin é an teorainn thiar. 21  Roinnfidh sibh an tír seo eadraibh, de réir treibheanna Iosrael. 22  Roinnfidh sibh é mar oidhreacht oraibh féin agus ar na coimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus a ghin páistí in bhur measc. Beidh siadsan mar dhúchasaigh i measc chlann Iosrael; gheobhaidh siad oidhreacht le crannchur mar aon libhse i measc treibheanna Iosrael. 23  Tabharfaidh sibh a n-oidhreacht don choimhthíoch de réir na treibhe lena gcónaíonn sé—an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Fonótaí