Eizicéil 6:1-14
6 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne.
3 Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n-áiteanna arda.
4 Bánófar bhur n-altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n-íol.
5 Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n-íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n-altóirí.
6 Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n-áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n-altóirí bánta [millte], bhur n-íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n-oibreacha curtha ar ceal.
7 Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
8 “Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad.
9 Ansin cuimhneoidh siadsan a d’éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n-íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n-uafáis go léir.
10 Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t-olc seo orthu.”
11 Seo mar a deir an Tiarna Dia: “Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.
12 An duine atá i gcéin, éagfaidh sé den phlá; an duine atá sa chongar, titfidh sé leis an gclaíomh; agus an duine a thagann slán uathusan, éagfaidh sé leis an ngorta; mar sin a ídeoidh mé mo chuthach orthu.
13 Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n-íol timpeall a n-altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n-íola uile.
14 Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”