Filéamón 1:1-25

 Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,  don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Airchipeas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat.  Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.  Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m’urnaithe.  Mar tá iomrá á chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile.  Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint.  Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa.  Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin  is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d’achainí ort—mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, 10  tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann. 11  Ba bheag an chabhair duitse tráth é ach is fóinteach duitse agus domsa anois é. 12  Is é cnú mo chroí é ach táim á chur ar ais chugat, 13  cé go mb’fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil. 14  Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é. 15  B’fhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air, 16  ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí. 17  Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a d’fháilteofá romham féin. 18  Agus cibé eágóir a rinne sé ort nó cibé fiacha atá air, cuir ar mo chuntas-sa é. 19  Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo láimh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil d’anam féin mar fhiacha agam ort. 20  Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost. 21  Agus mé á scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim. 22  Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n-urnaithe. 23  Cuireann Eipeafras, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe 24  Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna. 25  Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

Fonótaí