Gníomhartha 17:1-34

17  Thaistil siad Aimfipioil agus Apollóinia agus tháinig go Teasaloinicé, áit a raibh sionagóg leis na Giúdaigh.  Mar ba ghnách le Pól bhuail sé isteach chucu agus thug trí shabóid as a chéile ag plé leo,  ag léiriú agus ag cruthú dóibh as fianaise na scrioptúr nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh. “Agus,” ar seisean, “Íosa seo atáimse a fhógairt daoibh, is é sin an Meisias.”  Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla.  Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt rifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iásóin d’fhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail  agus nuair nach bhfuair siad ann iad, rug siad leo Iásón agus cuid de na bráithre chun giúistísí na cathrach agus dúirt leo in ard a ngutha: “Tá an domhan mór suaite ag na daoine úd agus seo anois anseo iad  agus Iásón tar éis fáilte a chur rompu. Tá siad seo uile ag sárú reachta Chéasair mar go mbíonn siad ag maíomh go bhfuil duine eile seachas é ina rí, is é sin Íosa.”  Chuir an chaint seo alltacht ar an bpobal agus ar na giúistísí a bhí ag éisteacht.  Agus tar éis dóibh Iásón agus an chuid eile acu a chur faoi bhannaí, scaoil siad saor iad. 10  Ní túisce thit an oíche ná chuir na bráithre Pól agus Síleas chun siúil go Bearóia. Nuair a bhain siad Bearóia amach d’imigh siad leo go dtí sionagóg na nGiúdach. 11  Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh. 12  Mar sin de chreid a lán acu agus cuid mhaith de na Gréagaigh chéimiúla, idir fhir agus mhná. 13  Ach nuair a chuala Giúdaigh Theasaloinicé go raibh briathar Dé fógartha i mBearóia freisin ag Pól, tháinig siad i leith ag suaitheadh agus ag corraí an daoscarshlua. 14  Ansin sheol na bráithre Pól chun bealaigh láithreach faoi dhéin na farraige, ach d’fhan Síleas agus Tiomóid ina dhiaidh ann. 15  An mhuintir a bhí ag tionlacan Phóil rug siad leo chun na hAithine é. D’imigh siad leo ansin agus ordú acu do Shíleas agus do Thiomóid teacht chuige chomh luath agus a ba fhéidir. 16  Fad a bhí Pól ag feitheamh leo san Aithin ghoill sé ar a aigne nuair a chonaic sé an chathair a bheith tugtha suas don íoladhradh. 17  Dá chionn sin bhíodh sé ag plé sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis an mhuintir dhiaganta, agus ag plé gach lá i gcearnóg an bhaile leo siúd a tharlaíodh a bheith ann. 18  Chuaigh cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus de na fealsaimh Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: “Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?” Agus de chionn é bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: “Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.” 19  Rug siad air agus sheol chun an Airiopagas é, á rá: “An miste dúinn a fhiafraí cén teagasc nua seo atá ar siúl agat? 20  Mar is deoranta linn do scéal agus ba mhaith linn a fháil amach cad is brí leis.” 21  Na hAithinigh agus na hallúraigh a chónaíonn sa chathair, níl caitheamh aimsire is fearr leo ná bheith ag aithris an scéil is déanaí nó ag éisteacht leis. 22  Sheas Pól i lár an Airiopagas agus labhair mar a leanas: “A mhuintir na hAithine, tugaim faoi deara gur daoine sibh atá diaganta thar na bearta. 23  Mar ag gabháil dom tríd an gcathair agus mé ag breathnú ar bhur n-íomhánna, tháinig mé ar altóir a raibh an scríbhinn seo greanta uirthi: ‘In onóir do dhia anaithnid.’ An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agamsa daoibh. 24  An Dia a rinne an domhan agus a bhfuil ann, is é Tiarna neimhe agus talún é agus ní i dteampaill lámhdhéanta atá cónaí air. 25  Ná níl aon ghá aige le freastal daoine faoi mar go mbeadh rud ar bith de dhíth air, mar is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách. 26  Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaí ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann, 27  d’fhonn go ndéanfaidís Dia a lorg féachaint an mbeidís ag meabhrú na slí chuige agus go n-aimseoidís é. Go deimhin, ní fada ó aon duine againn é, 28  mar is ann a mhairimid agus a ghluaisimid agus atáimid. Agus faoi mar a dúirt cuid de bhur bhfilí féin: ‘Is dá shliocht sinn fiú amháin.’ 29  “Ós de shliocht Dé sinn, más ea, ní ceart dúinn a mheas gur cosúil a nádúr diaga le hór nó le hairgead nó le cloch, le híomhá a ghreanfaí trí ealaín agus trí éirim an duine. 30  Scaoil Dia thairis tréimhsí an aineolais, ach tá sé anois ag fógairt ar an uile dhuine san uile áit aithrí a dhéanamh. 31  Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.” 32  Nuair a chuala siad Pól ag trácht ar aiséirí ó mhairbh, thosaigh cuid acu ag magadh faoi. Is é a dúirt cuid eile acu, áfach: “Cloisfimid a thuilleadh faoi seo uait lá éigin eile.” 33  Mar sin d’imigh Pól uathu. 34  Mar sin féin bhí daoine ann a thaobhaigh leis agus a ghlac an creideamh. Orthusan bhí Dionisius Airiopagach agus bean darbh ainm Damairis agus tuilleadh nach iad.

Fonótaí