Gníomhartha 2:1-47

2  Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair.  Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fad ina raibh siad ina suí.  Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu;  agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.  Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim  agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acusan.  Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint?  Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin?  Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise, 10  Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh 11  idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos inár dteangacha féin ar éachtaí Dé.” 12  Bhí alltacht agus mearbhall orthu go léir agus deiridís le chéile: “Cad is ciall leis seo?” 13  Ach is é a deireadh cuid eile acu le teann fonóide: “Lán d’fhíon úr atá siadsan.” 14  Ansin d’éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard: “A fheara Iúdá,” ar seisean, “agus a mhuintir uile Iarúsailéim, bíodh a fhios agaibh é seo agus tugaigí cluas dá bhfuil á rá agamsa: 15  Ní ar meisce atá na daoine seo mar is dóigh libhse, mar nach bhfuil sé ach a naoi a chlog ar maidin. 16  Ní hea, ach is é seo an ní ar thrácht Ióéil fáidh air: 17  ‘Tarlóidh sna laethanta deireanacha,’arsa an Tiarna,‘go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine,agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n-iníonacha tairngreacht.Feicfidh bhur bhfir óga aislingí,agus déanfar taibhreamh do bhur seanóirí. 18  Doirtfidh mé mo Spiorad sna laethanta sinfiú amháin ar m’óglaigh agus ar mo bhanóglaigh,agus déanfaidh siad tairngreacht. 19  Déanfaidh mé éachtaí sa spéir in airdeagus iontais ar an talamh thíos.Beidh fuil ann agus tine agus gal deataigh. 20  Iompóidh an ghrian ina dorchadasagus an ghealach ina fuil,sula dtiocfaidh lá mór taibhseach an Tiarna. 21  Ach cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna,slánófar é.’ 22  “A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin. 23  Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí. 24  Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d’fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi: 25  “Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor.Tá sé ar mo dheasláimh, i dtreo nach suaithfear mé. 26  Tá gliondar ar mo chroí dá chionnagus tá meidhir ar mo theanga.Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas, 27  mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbhná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt. 28  Thaispeáin tú dom bóthar na beathaagus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair. 29  “Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n-ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu. 30  Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir, 31  is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh i riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’. 32  Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. 33  Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse. 34  Ní dheachaigh Dáiví féin suas ar neamh ach deir sé: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis, 35  go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’ 36  “Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.” 37  Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?” 38  Agus d’fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh; 39  mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl—don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.” 40  Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.” 41  An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin. 42  Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe. 43  Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách. 44  Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu; 45  dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid. 46  Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí 47  agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.

Fonótaí