Gníomhartha 22:1-30

22  “A bhráithre agus a aithreacha, éistigí lena bhfuil le rá agam chun mo chosanta.”  Nuair a chuala siad ag labhairt sa teanga Eabhra é, d’éirigh siad ní ba chiúine fós.  Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.  Rinne mé géarleanúint go bás ar an mBealach seo. Bhíodh fir agus mná á ngabháil agam agus á gcur i bpríosún.  Tá an t-ardsagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim go gcuirfí pionós orthu,  ach tharla agus mé ar an tslí ag druidim le Damaisc, timpeall meán lae gur las solas mór ó neamh go tobann i mo thimpeall.  Thit mé go talamh agus chuala mé an guth á rá liom: ‘A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?’  ‘Cé thú féin, a thiarna ?’ arsa mise á fhreagairt. ‘Is mé Íosa Nazórach atá agat á ghéarleanúint,’ ar seisean.  Iad seo a bhí le mo chois, chonaic siad an solas ach níor chuala siad glór an té a bhí ag caint liom. 10  Dúirt mé ansin: ‘Cad atá le déanamh agam, a thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh i do sheasamh, lean ort go Damaisc agus inseofar ansin duit gach ní atá ceaptha duit le déanamh.’ 11  Bhí gile an tsolais úd tar éis mé a dhalladh agus rug mo chomrádaithe ar láimh orm agus tháinig mé isteach i nDamaisc. 12  “Bhí fear darbh ainm Anainias, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann, 13  agus tháinig sé chugam, agus sheas sé os mo chomhair á rá liom: ‘A Shóil, a bhráthair, bíodh do radharc arís agat.’ Agus ar an spota bhí mo radharc agam arís. 14  Ansin dúirt sé liom: ‘Tá sé ceaptha roimh ré ag Dia ár sinsear duit go mbeadh fios a thola agat, go bhfeicfeá an Fíréan agus go gcloisfeá glór a bhéil féin. 15  Mar beidh tú i do fhinné aige os comhair an uile dhuine ar a bhfuil feicthe agus cloiste agat. 16  Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.’ 17  “Chuaigh mé ar ais go Iarúsailéim, agus le linn dom bheith ag guí sa Teampall, thit mé i dtámhnéal agus 18  chonaic mé é agus é á rá liom: ‘Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise ormsa.’ 19  ‘Ach, a Thiarna,’ arsa mise leis, ‘nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus á sciúrsáil? 20  Fiú amháin nuair a bhí fuil do fhinné Stiofán á doirteadh, bhí mé féin ar an láthair ag toiliú leis agus ag coimeád a n-éadaí do lucht a mharaithe.’ 21  Agus is é a dúirt sé liom: ‘Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.’” 22  D’éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.” 23  Agus bhí siad ag liúireach, ag croitheadh a gcuid éadaigh agus ag caitheamh deannaigh san aer. 24  D’ordaigh an ceannasaí é a thabhairt isteach sa dúnfort agus dúirt é a cheistiú faoin lasc féachaint cén fáth a raibh siad ag liúireach mar sin air. 25  Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céad a bhí ansiúd: “An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?” 26  Nuair a chuala an taoiseach céad an méid sin, chuaigh sé go dtí an ceannasaí: “Cad a mheasann tú a dhéanamh?” ar seisean leis, “is saoránach Rómhánach é siúd.” 27  Chuaigh an ceannasaí anonn go Pól. “Inis dom”, ar seisean, “an saoránach Rómhánach tusa.” “Is ea,” arsa Pól. 28  Dúirt an ceannasaí á fhreagairt: “Sea, is daor a cheannaigh mé féin an tsaorántacht sin.” “Tá sí agamsa ó dhúchas,” d’fhreagair Pól. 29  An mhuintir a bhí chun é a cheistiú, chúlaigh siad uaidh laithreach. Bhí eagla ar an gceannasaí freisin nuair a fuair sé amach gur shaoránach Rómhánach é agus é féin tar éis é a cheangal. 30  Lá arna mhárach, d’fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.

Fonótaí