Gníomhartha 24:1-27
24 Tar éis cúig lá tháinig an t-ardsagart Anainias anuas go Céasaráia, é féin agus cuid de na seanóirí agus abhcóide darbh ainm Teartullas agus thug siad faisnéis don ghobharnóir in aghaidh Phóil.
2 Nuair a glaodh isteach ar Phól, thosaigh Teartullas á chiontú mar leanas:
“A Fhéilix, ró-oirirc, an tsíocháin bhuan a chuir tú faoi réim dúinn agus na leasuithe atá tugtha isteach le barr críonnachta agat ar mhaithe lenár náisiún,
3 fáiltímid rompu i gcónaí agus i ngach áit agus táimid thar a bheith buíoch mar gheall orthu.
4 Ach chun gan an iomad moille a choinneáil ort, impím ort éisteacht linn go ceansa ar feadh tamaillín.
5 Is crá croí dúinn an fear seo; bíonn sé ag cothú mioscaise i measc na nGiúdach ar fud an domhain agus is é an ceann é ar aicme úd na Nazórach.
6 Bhí sé ag iarraidh an Teampall féin a shárú ach rugamar air. (Bhí sé d’aidhm againn breith a thabhairt air de réir ár ndlí féin,
7 ach tháinig Lisias, an ceannasaí, orainn agus neart slua aige agus sciob sé as ár lámha é agus d’ordaigh sé do lucht a chiontaithe dul faoi do bhráid.)
8 Má cheistíonn tú féin é sin, féadfaidh tú fios fáth na nithe go léir a chuirimid ina leith seo a fháil uaidh.”
9 Thaobhaigh na Giúdaigh leis, á rá gur mar sin a bhí.
10 Nuair a sméid an gobharnóir ar Phól chun labhartha, d’fhreagair sé: “Ós eol dom go bhfuil tusa i do bhreitheamh ar an náisiún seo leis na blianta fada, táim lánsásta mo cheart a phlé.
11 Is féidir duit a dheimhniú duit féin nach bhfuil ann ach dhá lá dhéag ó chuaigh mé suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh,
12 agus ní bhfuair siad mé ag argóint le duine ar bith ná ag corraí an phobail sa Teampall ná sna sionagóga ná ar fud na cathrach.
13 Ná níl aon chruthú acu duit ar na cionta atá siad a chur i mo leith.
14 Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siadsan Aicme, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe.
15 Agus tá an dóchas céanna as Dia agam atá acu féin, is é sin go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon.
16 Déanaim mo dhícheall sa ghnó seo ar choinsias glan a bheith agam i gcónaí i bhfianaise Dé agus daoine.
17 Tar éis mórán blianta, tháinig mé chun déirc a thabhairt do mhuintir mo chine agus ofrálacha a dhéanamh.
18 Is i mbun an chúraim sin a bhí mé nuair a fuair siad sa Teampall mé. Bhí mé tar éis m’íonghlanta agus ní raibh slua ná callán ar bith ann.
19 Bhí roinnt Giúdach ann ón Áise, áfach—agus is iadsan ba chóir a bheith anseo os do chomhairse agus cibé gearán a bhí acu orm é a chur i mo leith.
20 Nó abradh an mhuintir seo féin cad é an cion a fuair siad ionam agus mé i mo sheasamh os comhair na sainidríne,
21 taobh amuigh den aon abairt amháin úd a scread mé amach agus mé i mo sheasamh ina measc: ‘Is i dtaobh aiséirí na marbh atá breith á tabhairt ormsa inniu os bhur gcomhair.’”
22 Bhí eolas mós cruinn ag Féilix ar an mBealach agus chuir sé ar cairde iad, á rá: “Nuair a thiocfaidh Lisias an ceannasaí anuas, tabharfaidh mé breith ar bhur gcás.”
23 D’ordaigh sé don taoiseach céad é a chur faoi choimeád ach cead a chinn a bheith aige agus gan aon duine dá chairde a chosc ar fhreastal a dhéanamh air.
24 Faoi cheann cúpla lá tháinig Féilix agus a bhean Drúsaile in éineacht leis. Giúdach mná ba ea ise. Chuir sé fios ar Phól agus d’éist sé leis ag cur síos ar chreideamh in Íosa Críost.
25 Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”
26 San am céanna bhí sé ag súil go dtabharfadh Pól airgead dó. Is chuige sin a chuireadh sé fios go minic air chun bheith ag caint leis.
27 Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus d’fhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, d’fhág Féilix Pól i bpríosún.