Gníomhartha 26:1-32

26  Ansin dúirt Aigripe le Pól: “Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.” Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar leanas:  “Is maith an bhail orm dar liom, a rí Aigripe, gur i do láthairse atáim do mo chosaint féin inniu ar a bhfuil de chionta á gcur i mo leith ag na Giúdaigh,  mar go bhfuil sáreolas agatsa ar nósanna uile na nGiúdach agus ar a gcuid conspóidí. Achainím ort dá bhrí sin éisteacht go foighneach liom.  “Tá a fhios ag na Giúdaigh go léir an chuma ar chaith mise mo shaol ó m’óige, mar gur i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim a mhair mé ó thús.  Tá a fhios acu le fada, dá mba áil leo é a dhearbhú, gur mhair mé mar Fhairisíneach riamh anall, ag cloí leis an aicme ba dhéine dár gcreideamh.  Agus is mar gheall ar an dóchas atá agam leis an ngealltanas a thug Dia dár sinsir atáim ar mo thriail anseo anois.  Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d’oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh.  Cén fáth gur dochreidte libhse mar scéal é go dtógann Dia na mairbh?  “Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazóraigh. 10  Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís á gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne. 11  Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin. 12  “Sin é an gnó a bhí do mo thabhairt go Damaisc le cead agus le húdarás na n-ardsagart 13  nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois. 14  Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth á rá liom sa teanga Eabhra: ‘A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.’ 15  ‘Cé thú féin, a thiarna?’ arsa mise. Agus dúirt an Tiarna: ‘Is mé Íosa atá agat á ghéarleanúint. 16  Ach éirigh i do sheasamh ón talamh, mar is chuige seo a thaispeain mé mé féin duit chun go ndéanfainn seirbhíseach dom féin díot agus go mbeifeá i do fhinné agam ar a bhfuil feicthe agat díom agus ar a bhfeicfidh tú ar ball. 17  Tabharfaidh mé slán tú ó do phobal féin agus ó na gintlithe mar is chucusan atáim do do chur 18  chun a súile a oscailt le go n-iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ 19  “Dá chionn sin, a rí Aigripe, ní dhearna mé neamhshuim den fhís ó neamh, 20  ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d’fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí. 21  Sin é an fáth a raibh na Giúdaigh ag iarraidh mé a mharú, tar éis dóibh breith orm sa Teampall. 22  Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach: 23  nárbh fholáir don Chríost fulaingt agus solas a fhógairt don phobal agus do na gintlithe trína bheith ar an gcéad duine a d’éireodh ó mhairbh.” 24  Bhí Pól á chosaint féin mar sin nuair a dúirt Féastas in ard a ghutha: “Tá tú as do mheabhair, a Phóil! An iomad den léann atá do do thiomáint as do mheabhair.” 25  D’fhreagair Pól é: “Nílim as mo mheabhair, a Fhéastas ró-oirirc,” ar seisean, “níl sa chaint atá á rá agam ach an fhírinne lom. 26  Tuigeann an rí na cúrsaí seo agus sin é an fáth a bhfuilim ag labhairt go neamhbhalbh ina fhianaise. Táim cinnte de nach bhfuil aon chuid den ghnó seo ag imeacht gan fhios air mar ní i gclúid a tharla sé. 27  An gcreideann tusa na fáithe, a rí Aigripe? Tá a fhios agam go gcreideann tú.” 28  Dúirt Aigripe le Pól: “Is beag nach n-áitíonn tú orm a bheith i mo Chríostaí.” 29  “Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse—ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.” 30  Ansin d’éirigh an rí agus an gobharnóir agus Beirnicé agus an mhuintir a bhí ina suí leo, 31  agus ar dhul amach dóibh bhí siad ag caint le chéile, á rá: “Níl aon ní déanta ag an bhfear sin a thuillfeadh bás ná braighdeanas dó.” 32  Agus dúirt Aigripe le Féastas: “D’fhéadfaí an fear sin a scaoileadh saor mura mbeadh gur ghairm sé Céasar.”

Fonótaí