Hóisé 12:1-14

12  [12:2] Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe,agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir.Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois:déantar conradh leis an Asaír,agus beirtear cáin ola don Éigipt.  [12:3] Tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh Iosrael.Cúiteoidh sé a dhrochbhéasa le Iacób,agus agróidh sé air a ainghníomhartha.  [12:4] Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir,agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia.  [12:5] (Chuaigh sé ag coraíocht le haingeal agus bhuaigh sé air.)Ghoil sé agus d’agair sé trócaire air.Thaibhsigh an Tiarna dó i mBéit Éil agus labhair sé leis ansin.  [12:6] (Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)  [12:7] Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile;ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart,agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.  [12:8] Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán;is breá léi éagóir a dhéanamh.  [12:9] “Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim,“d’éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam,agus d’ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam,a bhféadfaí coir a thabhairt air.”  [12:10] Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thúas críocha na hÉigipte,ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothannafaoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth. 10  [12:11] Labhróidh mé leis na fáithe,agus tabharfaidh mé a lán físeanna dóibh;trí bhíthin na bhfáithe labhróidh mé parabail. 11  [12:12] Gileád! is í an urchóid í!níl iontu ach calaois!I nGilgeál ofrálann siad íobairtí do thairbh!Dá bhrí sin beidh a n-altóirí cosúil le cairn chlochi gclaiseanna na ngort. 12  [12:13] Theith Iacób go dtí críocha Arám;bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin,agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach. 13  [12:14] Ach le cuidiú fáidh thug an Tiarna Iosrael aníos ón Éigipt,agus ba le cuidiú fáidh a caomhnaíodh é. 14  [12:15] Chuir Eafráim le fearg ghéar ghoirt é áfach.Dá dheasca sin ligfidh a Thiarna dá fheallbhearta fola filleadh air,agus tabharfaidh sé tomhas a láimhe féin dóin éiric na maslaí a thug sé dó.

Fonótaí