Hóisé 14:1-9

14  [14:2] Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia,óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide.  [14:3] Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh,agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis:Maith dúinn ár gcionta uile,le go bhfaighimid uait rud is fónta,i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.  [14:4] Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír,ná ní rachaimid i muinín eachra;go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh;(óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).  [14:5] Leigheasfaidh mé a mídhílseacht,tabharfaidh mé grá dóibh go fonnmhar,mar ní díol feirge liom iad níos mó.  [14:6] Silfidh mé ar Iosrael mar an drúcht.Bláthóidh sí ar nós na lile,agus cuirfidh sí uaithi a fréamhachamar a dhéanann an stóracs.  [14:7] Caithreoidh a géagáin;áilleacht na holóige agus cumhracht an stóraicsa dháilfear uirthi.  [14:8] Lonnóidh siad faoi mo scáth arís;saothróidh siad arbhar,agus beidh fíniúna ag fás acu,a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine.  [14:9] Cad ab áil le hEafráim d’íola feasta?Is mise a thugann éisteacht dó,agus a bheidh ag faire air.Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige;más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.  [14:10] Tuigeadh an t-eagnaí na briathra sin:bíodh grinneolas ag an saoi orthu.Óir is díreach iad bealaí an Tiarnaagus gluaiseann na fíréin dá réir,ach bíonn siad ina gceap tuisle do lucht na heasumhlaíochta.

Fonótaí