Hóisé 2:1-23

2  [2:3] Abraigí mar sin le bhur ndeartháireacha: “A phobal liom, agus le bhur ndeirfiúracha: “A mhuirnín.”]  [2:4] Cúisigí bhur máthair, cúisigí í!Mar ní hí mo bhean chéile í a thuilleadh,ná ní mó is mise a fear.Tógadh sí comharthaí a striapachais óna haghaidh,agus suaitheantais a hadhaltranais ó lár a cíoch,  [2:5] nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir diagus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í,agus déanfaidh mé fásach di,agus beidh sí ina talamh tirim,agus maróidh mé í le tart.  [2:6] Ní bheidh trua agam dá clann,mar is clann striapachais iad.  [2:7] Óir rinne a máthair striapachas;an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin.“Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise,“a thugann dom m’arán agus m’uisce,m’olann agus mo líon, m’ola agus mo chuid dí.”  [2:8] Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha,agus tógfaidh mé balla le nach n-aimseoidh sí an tslí.  [2:9] Rithfidh sí ar thóir a leannán,ach ní thiocfaidh sí suas leo;lorgóidh sí iad ach ní bhfaighidh.Déarfaidh sí ansin: “Fillfidh mé ar ais arís ar mo chéad fhear,mar is fearr a bhí mé as an uair úd ná mar atá mé anois.”  [2:10] Níor aithin sí gur mise a thug dian t-arbhar agus an t-úrfhíon agus an ola nua,agus a bhronn uirthi an fhlúirse airgid agus óir,as a ndearna siad Bálaím.  [2:11] Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arísm’arbhar ina ionú agus m’úrfhíon ina thráth;bainfidh mé di m’olann agus mo líon,a gclúdaíodh sí a nochtacht leo. 10  [2:12] Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán,agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh. 11  [2:13] Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán,lena féilte agus lena réanna nua,lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir 12  [2:14] Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu:“Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.”Déanfaidh mise mothar díobh,agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch. 13  [2:15] Cúiteoidh mé léi na féilte,ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaímagus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád,chun dul ar thóir a leannán,agus mise dearmadta aici ar fad!—an Tiarna a labhraíonn. 14  [2:16] Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh,agus a threorú isteach san fhásach,chun labhairt léi go muirneach. 15  [2:17] Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici,agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór.Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige,nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte. 16  [2:18] An lá sin—an Tiarna a labhraíonn—is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm;choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”. 17  [2:19] Glanfaidh mé ainmneacha na mBálaím dá béal,agus ní luafar a n-ainmneacha arís go deo. 18  [2:20] An lá sin déanfaidh mé conradh thar do cheann,le beithígh an mhachaire agus le héanlaith an aeir,agus le péisteanna na talún.Brisfidh mé bogha agus claíomh agus gléas cogaidh,agus scuabfaidh mé iad as an tír,chun go gcodlóidh tú go suaimhneach sámh. 19  [2:21] Snaidhmfidh mé liom féin thú i gcleamhnas go brách;Snaidhmfidh mé liom féin thúle ceart agus le cóir,le buanghrá agus le cineáltacht. 20  [2:22] Snaidhmfidh mé liom féin thú le dílse,agus beidh aithne agat ar an Tiarna. 21  [2:23] An lá sin—an Tiarna a labhraíonn—éistfidh mise le guí na spéarthaagus éistfidh siadsan leis an talamh; 22  [2:24] éistfidh an talamhleis an arbhar agus an úrfhíon agus an ola nua,agus éistfidh siad sin le hIzréil. 23  [2:25] Cuirfidh mé dom féin é ina shíol sa tír;beidh grá agam arís do Neamh-Mhuirneach;déarfaidh mé le Coimhthíoch: “A phobal liom”,agus déarfaidh seisean liom: “Is tú mo Dhia.”

Fonótaí