Hóisé 7:1-16
7 Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas,nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire.Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad;bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe,agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.
2 Ní mheabhraíonn siad dóibh féingo gcoinním cuimhne ar a n-olcas uile;ach tá a n-ainghníomhartha á gciorclú;ar m’aghaidh féin amach atá siad.
3 Le teann mioscaise déanann siad sult don ríagus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.
4 Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine,nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh,ó fuintear an taos go dtí go n-ardaíonn sé.
5 Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíonaagus craitheann seisean lámh le scigirí.
6 Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu,bíonn a gcroí cosúil le sorn;mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir,ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.
7 Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn;tá a rialtóirí á n-ídiú acu agus a ríthe uile ar lár;agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.
8 Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin;is cosúil le císte nár iompaíodh é.
9 Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirtagus ní bhraitheann sé dada!Is ag dul i léithe atá a chuid gruaigeagus ní heol dó é!
10 Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh;agus ar a shon sin agus uileníl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.
11 Colm baoth gan chiall is ea Eafráim;bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt,agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.
12 Ach cibé áit a n-eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon,agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir,agus smachtóidh mé iad de réir líon a n-urchóidí.
13 Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim!Léirscrios orthu, óir d’éirigh siad amach i m’aghaidh!Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt,ach siúd ag bréagadóireacht iad i m’aghaidh!
14 Ní éann siad ormsa óna gcroí amach,nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha;gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona,ach bíonn siad easumhal domsa.
15 Neartaigh mise a ngéaga,ach is ag beartú oilc i mo choinne a bhíonn siad.
16 Téann siad i muinín [rud gan mhaith];is cuma nó bogha scaoilte iad.Bás de rinn a gheobhaidh a bhflathamar gheall ar shotal a gcuid cainte;agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr.