Habacúc 2:1-20

2  Seasfaidh mé ar mo thúr faire;glacfaidh mé m’ionad ar mo rampar,agus beidh mé ar m’fhaichill ansinféachaint céard a déarfaidh sé liom,nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.  Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá:“Scríobh síos an fhís;déan í a ghreanadh ar leacaionas go mbeidh sé furasta í a léamh.  Óir is le haghaidh a hionú féin amháina tugadh an fhís seo;tá sí ag tnúthán lena comhlíonadhagus ní dhéanfaidh sí bréag.Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi;mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte;ní theipfidh uirthi choíche.  Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige;ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”  Go deimhin is go dearfais fealltach an ní é an [saibhreas].Duine uaibhreach corrthónach is ea an téa leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól,agus atá chomh doshásaithe leis an mBás,an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uileagus a thiomsaíonn na náisiúin go léirar mhaithe leis féin.  Nach ndéanfaidh na daoine seo go léiraoir mar gheall air?Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad:“Is mairg don fhear a charnann nithenach leis féin iad—cá fhad eile?—agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”  Nach n-éireoidh do chreidiúnaithe go tobann?Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú?Ansin creachfaidh siad thú.  De bhrí gur chreach tú mórán ciníochacreachfaidh na náisiúin eile go léir thusamar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt túagus de dheasca an fhoréigina d’imir tú ar an tír, ar an gcathairagus ar gach duine dá gcónaíonn inti.  Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin,chun a nead féin a shuíomh os ardagus chun lámh an oilc a sheachaint. 10  Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú;nuair a bhasc tú mórán náisiún,is é d’anam féin a chaill tú. 11  Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballaagus tugann na bíomaí freagra orthuón gcreatlach adhmaid. 12  Is mairg don fhear a thógann baile le fuilagus a bhunaíonn cathair le héigeart. 13  Nach é toil Dhia na Slua égur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil?agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha. 14  Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarnamar a chlúdaíonn an t-uisce grinneall na mara. 15  Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana,agus a dhoirteann amach a chuid nimhenó go mbíonn siad ar meisce aigele súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht. 16  Tá tú líonta le náire in ionad na glóire.Ól tú féin chomh maith agus nocht d’fhorchraiceann.Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarnaagus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir. 17  Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáinagus beidh díothú na n-ainmhithe ina ábhar scéine duit,mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt túagus de dheasca an fhoréigina d’imir tú ar an tír, ar an gcathairagus ar gach duine dá gcónaíonn inti. 18  Cén tairbhe é íomhá ghreantale go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith?nó dealbh teilgthe, oracal bréagach,le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín intiagus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige? 19  Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”;agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.”An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh?Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgeadach níl puth anála ann. 20  Ach tá an Tiarna ina theampall naofa;bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.

Fonótaí