Habacúc 3:1-19

3  Guí Habacúc, an fáidh; de réir fhonn na gcaointe.  Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d’éachtaí;a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm.Déan arís í lenár linn féin;lenár linn féin nocht dúinn í athuair.D’ainneoin tú a bheith suaite le feargcuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.  Tá Dia ag teacht as Téamán,agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. SelahFolaíonn a mhaorgacht na spéarthaagus líontar an talamh dá ghlóir.  Is cosúil leis an solas a dhealramh;as a lámha bladhmann gathanna gealáin.Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt.  Ar a aghaidh amach gabhann an phlá;tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála.  Nuair a sheasann sé critheann an talamh.Le leagan a shúl croitear na náisiúin.Bogtar na sléibhte síoraí óna n-áit;cromann na beanna bithbhuana síos,a sheanbhealaí riamh anall.  Feicim bothanna Chúiseáin ar lár,agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.  An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna?An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh,go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill,nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?  Tógann tú do bhogha as a chumhdach:cuireann tú saigheada lena shreang. Selah Scoilteann tú an talamh le srutháin. 10  Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad.Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh.Ligeann an duibheagán búir;ardaíonn sé a lámha chun neimhe. 11  Fanann an ghrian agus an ghealach ina n-áitreabhó sholas do shaighead eitilteagus ó loinnir do ghathanna ruithnigh. 12  Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar;satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge. 13  Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil,chun d’ungthach féin a shlánú.Tá barr theach an drochdhuine briste agatagus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah 14  Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra,a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,]amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigina dhíothú go danartha ina n-uachais. 15  Pasálann tú an mhuir le do chapailltrí bhorradh na n-uiscí doimhne. 16  Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe;critheann mo bheola leis an nglór;leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámhaagus lúbann mo chosa fúm.Fanaim go ciúin le lá na buarthaatá le breacadh ar lucht ár n-ionsaithe. 17  Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth;ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna;rachaidh de thoradh an chrainn olóige;ní thabharfaidh na goirt aon bhia;ní fhágfar caora sa chrónó bó ar bith sa bhuaile. 18  Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna,déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir. 19  Is é an Tiarna Dia mo neart;tugann sé dom luathchosa eilite;cuireann sé mé ag céimniúgo daingean buach ar na harda.Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha.

Fonótaí