Ióéil 3:1-21

3  [4:1] “Féach, sna laethanta sin agus ag an am sina rathóidh mé Iúdá agus Iarúsailéim arís  [4:2] cruinneoidh mé na náisiúin uile le chéileagus seolfaidh mé síos iad go dtí Gleann Iahóiseáfátchun breith a thabhairt orthu ansinmar gheall ar mo phobal agus m’oidhreacht Iosrael;mar scaip siad i measc na náisiún iadagus roinn siad mo thír eatarthu féin.  [4:3] Chaith siad crainn ar mo phobalagus thug siad garsún ar láimh mar mhalairt ar striapachagus dhíol siad cailín ar fhíon agus d’ól siad é.  [4:4] Cad ab áil libh uaimse, a Thuír agus a Shíodónagus a dhúichí na bhFilistíneach?An amhlaidh is mian libh díoltas a imirt orm?Má imríonn sibh díoltas ormcasfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin go tiubh te.  [4:5] Sibhse a thóg mo chuid airgid agus óiragus a d’iompair isteach in bhur dteampall féinmo chuid earraí sárluachmhara!  [4:6] Sibhse a dhíol clann mhac Iúdá agus Iarúsailéimleis na Iávánaighagus a sheol i bhfad óna dtír dhúchais féin iad!  [4:7] Féach! Gríosfaidh mé iad chun teacht ón áit ina bhfuil siad díolta agaibhagus casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin  [4:8] Díolfaidh mé bhur gclann mhac agus bhur n-iníonachale muintir Iúdáagus díolfaidh siadsan iad leis na Sabaeigh,náisiún atá i bhfad ar shiúl uathu.Is é an Tiarna féin a dúirt é.  [4:9] Fógraígí é seo i measc na náisiún!Ullmhaígí don chogadh!Gríosaígí na laochra!Tagadh na saighdiúirí go léir i láthairagus gluaisidís leo! 10  [4:10] Déanaigí claimhte de bhur gcuid socagus sleánna de bhur gcorráin bhainte.Abradh an lag: ‘Is laoch mé.’ 11  [4:11] Tagaigí go tapa,a náisiúna uile na comharsanachta!Bailígí le chéile ansin!(A Thiarna, cuirse do laochra féin chugainn anuas.) 12  [4:12] “Corraíodh na náisiúin iad féinagus tagadh siad go dtí Gleann Iahóiseáfátmar is ansin a shuífidh mé chun breith a thabhairtar náisiúin uile na comharsanachta. 13  [4:13] Tá an fómhar aibícuirigí an corrán ag obair air mar sin.Tagaigí, satlaígítá an chantaoir lánagus na dabhcha ag cur thar maoil.Is mór í a mallaitheacht go deimhin.” 14  [4:14] Tá na sluaite tiubha bailithe le chéilei nGleann an Bhreithiúnais.Óir, tá lá an Tiarna in achmaireachti nGleann an Bhreithiúnais. 15  [4:15] Tá an ghrian agus an ghealach ag dorchúagus na réaltaí ag cailleadh a ngile. 16  [4:16] Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíónagus cloistear a ghlór ó Iarúsailéim.Tá an spéir agus an talamh ar crith.Beidh an Tiarna ina dhídean dá phobal.beidh sé ina dhúnáras do chlann Iosrael. 17  [4:17] “Beidh a fhios agaibh gur mise an Tiarna, bhur nDia,a chónaíonn ar Shíón, mo shliabh naofa.Beidh Iarúsailéim ina háit naofaagus ní ghluaisfidh aon eachtrannach tríthi níos mó.” 18  [4:18] An lá sinsilfidh na sléibhte fíon nua;beidh leamhnacht ina slaoda ar na cnoicagus uisce ag rith i gclaiseanna uile Iúdá.Bhrúchtfaidh tobar amach as teach an Tiarnaagus uisceoidh sé Gleann Sitím. 19  [4:19] Beidh an Éigipt ina díthreabhagus Eadóm ina fhásach lomde dheasca na hainíde a d’imir siad ar chlann Iúdánuair a dhoirt siad a gcuid fola neamhchiontaí ina dtír. 20  [4:20] Beidh daoine ina gcónaí in Iúdáagus in Iarúsailéim ó ghlúin go glúin go deo. 21  [4:21] “Bainfidh mé éiric a gcuid fola amach agus ní ligfidh mé aon duine díobh slán.Is ar Shíón a bheidh a áitreabh ag an Tiarna.”

Fonótaí