Iób 18:1-21
18 Ansin d’fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:
2 An gcuirfidh tú srian go deo le do theanga?An gcaithfimid éisteacht, agus gan labhairt go pras?
3 Cén fáth nach bhfuil ach meas madra agat orainn,Agus gur cuma leat sinn nó [ainmhí éigiallda]
4 a stollann é féin le barr feirge?An gcaithfear an tír a bhánú ar do shonAgus an charraig a chur as a leaba?
5 Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh,Agus lasair a thine a dhul in éag.
6 Lagófar an solas ina bhothAgus múchfar an lampa os a chionn.
7 Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh,Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.
8 Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é,Agus siúlann sé i measc na sás.
9 Béarfaidh gaiste ar sháil airAgus greamóidh sé sa dol.
10 Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh,Agus gaiste roimhe ar an gcosán.
11 Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall,Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.
12 Beidh an gorta aige mar [pháirtí]Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh.
13 Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí,Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.
14 Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte.Agus tabharfar é i láthair rí na n-uafás.
15 Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon,Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.
16 Seargfaidh a fhréamha laistíos,Agus feofaidh a chraobha lastuas.
17 Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal,Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.
18 Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas,Agus ruaigfear as an saol é.
19 Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine,Ná comharba air ina áit chónaithe.
20 Cuirfidh a chríoch uafás ar an domhan thiar,Agus scéin ar an domhan thoir.
21 B’áit chónaithe choirpigh an áit seo go dearfa,Áitreabh duine nárbh eol dó Dia.