Iób 31:1-40

31  Rinne mé margadh le mo shúile,Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.  Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh?Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?  Nach tubaiste ar an gcoirpeach?Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?  Nach bhfeiceann sé mo bhealaíAgus nach n-áiríonn sé mo choiscéimeanna?  An raibh mé cois ar chois leis an mbreag?Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise?  Déanadh sé mé a mheá sa mheá ionraic,Agus bíodh m’fhíréantacht ar eolas ag Dia!  Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach,Nó má lean mo dhúil mo shúil,Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac,  Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar;Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl!  Má mealladh mé riamh ag bean,Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan, 10  Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile,Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa. 11  Ba pheaca drúise é sin,Coir le [díolt ag an dlí], 12  Coir a d’adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón.Agus a dhófadh m’fhómhar go léir. 13  Dá ndiúltóinn do cheart mo dhaoráinNó mo dhaoirsí, nuair a bhíodar ag aighneas liom, 14  Cad a dhéanfainn nuair a d’éireodh Dia?Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú? 15  An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin?Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar? 16  Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air?Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí? 17  Ar chaith mé mo chuid bia liom féin,Gan cuid a thabhairt don dílleachta? 18  Óir bhí [Dia] mar athair agam do m’oiliúint ó m’óige,Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar. 19  An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach,Nó fear bocht gan bhrat, 20  Agus gan é do mo bheannú ó chroí,Agus lomra mo chaorach á théamh? 21  Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh],Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata? 22  Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán,Agus go stractar mo ghéag as alt! 23  Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm,Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta. 24  Ar chuir mé mo mhuinín san ór?Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: “Is tú mo thaca.” 25  Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine?Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac? 26  Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir,Nó niamh na gealaí ina cúrsa, 27  Ar mealladh mo chroí os ísealIs gur chaith mé póg ó mo láimh leo? 28  Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí—Mé a shéanadh Dé in airde. 29  Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad,An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é? 30  Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh,Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do. 31  Nár dhúirt lucht mo bhotha:“An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?” 32  Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid;Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí]. 33  Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]?Agus ar chuir mé m’urchóid i bhfolach i mo chliabh? 34  An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobailNó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach? 35  Uch gan [Dia] le héisteacht liom!Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé. 36  Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne,Caithfidh mé ar mo ghualainn é,Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin; 37  Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol,Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis. 38  Má ghlaoigh mo chuid talún i m’aghaidh,Agus go raibh gach clais ar snámh le deora, 39  Má ith mé a thoradh gan díol as,Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe, 40  Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht,Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna.(Sin críoch ar bhriathra Iób.)

Fonótaí