Iób 33:1-33

33  Éist le mo bhriathra, a Iób,Agus tabhair cluas do m’fhocail go léir!  Féach, nuair a osclóidh mé mo bhéal,Agus go mbeidh mo theanga ag gearradh na bhfocal de mo charball,  Fogróidh mo chroí briathra eagnaíAgus labhróidh mo bheola le lándáiríre.  Spiorad Dé a rinne mé,Agus sé a anáil a chuir anam ionam.  Bréagnaigh mé, más féidir duit;Réitigh fód do sheasaimh romham.  Féach ní [dia] mise, ach duine mar thú féin.Dealbhaíodh mise as an gcré, do dhála féin.  Ná cuireadh eagla romham aon mhairg ort,Ní luífidh mise go trom ort.  Dúirt tú i gclos mo chluas—Chuala mé na focail féin uait—  “Táim gan cháim, gan pheaca;Táim ionraic, saor ó urchóid. 10  Tá sé ag fáil leithscéalta i m’aghaidh,Agus do m’áireamh mar namhaid. 11  Chuir sé mo chosa i gceap,Agus faireann sé mo bhealaí go léir.” 12  Níl an ceart agat sa mhéid sin, a deirim leat,Óir is mó Dia ná an duine. 13  Cad ab áil leat ag gearán faoiNár fhreagair sé thú, focal ar fhocal. 14  Labhraíonn Dia ar dtús ar shlíAgus ansin ar shlí eile, cé nach dtugtar faoi deara é: 15  Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche,Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain,Agus iad ina sámhchodladh ina leaba. 16  Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais,Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis, 17  D’fhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta,Agus deireadh a chur lena dhíomas. 18  Déanann sé a bheo a chosaint ar an uaimh,Agus a anam a shábháil ó Sheól. 19  Déanann sé an duine a cheartú le pianta ar a leaba,Nuair a bhíonn creathán gan stad ina chnámha, 20  Agus bia ag cur masmas dearg air;Agus gráin ó chroí aige ar shóláis; 21  Agus a fheoil á creimeadh os comhair do shúl;Agus a chnámha le feiceáil ag gobadh go nocht óna gclúid; 22  Agus a anam ag druidim leis an uaimh,Agus a bheo le [teach na marbh]. 23  Ansin bíonn aingeal láimh leis,Idirghabhálaí, aon ar mhílte,Lena dhualgas a chur in iúl dó, 24  Le bheith cneasta leis, agus a rá:“Fuascail é ó thitim san uaimh,Fuair mé geall ar a shon”; 25  Bíonn a chneas arís i mbláth na hóige;Agus filleann sé arís ar laethanta a chumais. 26  Guíonn sé chun Dé agus tugann seisean aird air;Agus feiceann sé a ghnúis agus lúcháir air,Agus fógraíonn sé don saol scéal a shaortha; 27  Canann sé an chaithréim seo os comhair daoine:“Pheacaigh mé, agus thréig mé cosán na fíréantachta,Ach ní dhearna [Dia] díoltas orm. 28  D’fhuascail sé m’anam ó dhul síos san uaimh,Agus beidh mo shaol faoi sholas.” 29  Déanann Dia na nithe seo go léirArís agus arís eile don duine. 30  Fuasclaíonn sé a anam ón uaimh,Le go mbeadh solas na beatha ag taitneamh air. 31  A Iób, éist liom, agus bíodh aird agat orm!Bí i do thost, tá a thuilleadh le rá agam! 32  Má tá aon ní le rá agat, freagair mé!Labhair amach, mar is fonnmhar a admhóinn thú a bheith gan choir. 33  Mura bhfuil, tabhair cluas dom;Bí i do thost fad a bheidh mise ag teagasc na heagna duit.

Fonótaí