Iób 34:1-37

34  Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:  Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe,Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.  Óir déanann an chluas briathra a phromhadh,Mar a dhéanann an carball bia a bhlas.  Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart;Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.  Dúirt Iób: “Táimse fíréanta,Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.  Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom,Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”  An bhfuil a lán de leithéid Iób ann,A shlogann an sciolladh mar uisce?  Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilcAgus a shiúlann le hurchóidigh?  Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce éDo dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.” 10  Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna;Is fada ó Dhia an choirpeachtAgus an éagóir ón Uilechumhachtach. 11  Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha,Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó. 12  Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir,Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith; 13  Cé chuir an chruinne faoina chúramAgus an saol mór ina iontaoibh? 14  Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin,Agus a anáil a bhailiú chuige féin, 15  Gheobhadh gach feoil bás,Agus d’fhillfeadh an duine ar an gcré. 16  Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo,Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam: 17  An mbeidh duine gur fuath leis an ceart i gceannas?An ndéanfaidh tú breitheamh na dtréan a dhaoradh? 18  An té a thabharfadh “suarachán” ar a rí,Agus “coirpeach” ar thaoiseach, 19  Agus nach mbeadh lé aige le flatha,Ná le saibhre thar na boicht,Mar gur óna láimh féin iad uile. 20  Faigheann siad bás i bprapadh na súl;Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche,Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir; 21  Óir tá súil aige ar iompar an duine,Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann. 22  Níl dorchadas ná scáil bháis ann,Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach. 23  Óir ní dhearna sé coinne d’aon duineLe dul i láthair Dé i mbreithiúnas. 24  Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh,Agus cuireann dream eile ina n-áit. 25  Tá fios a mbeart aige,Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche. 26  Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta,Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil. 27  “D’iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú,“Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir, 28  I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé]Agus gur chuala sé glór an deibhleáin. 29  D’fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh;Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?”Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine, 30  Agus saorann sé fiú an t-aindiaga ó ghreim na hainnise. 31  Má deir duine le Dia:“Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart. 32  Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é!Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.” 33  —Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú,Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna? Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh,Abair céard atá ar eolas agat. 34  An mhuintir thuisceanach go léir,Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom: 35  “Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób,Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.” 36  Ach déanfar Iób a phromhadh go ceann scríbe,Mar go bhfreagraíonn sé mar a dhéanfadh urchóidigh. 37  Óir cuireann sé ceannairc mar bhreis lena pheaca,Ag [caitheamh amhrais faoin gcoir inár measc]Agus ag tabhairt masla ar mhasla do Dhia.

Fonótaí