Iób 35:1-16

35  Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:  An dóigh leat gur chóir duitA rá: “Táimse fíréanta i láthair Dé”?  Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse?Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?”  Tabharfaidh mise freagra ort féinAgus ar do chairde chomh maith.  Féach suas chun na spéartha, agus feic;Spiúnaigh na néalta go hard os do chionn.  Má pheacaíonn tú, conas a sháraíonn tú é?Más líonmhar iad do chionta cén dochar a dhéanann tú dó?  Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air?Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh?  Do chomharsa a bhíonn thíos le d’urchóid,Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta.  Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí,Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin. 10  Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir,An té a thugann fóirithint san oíche, 11  Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne.Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.” 12  Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra,De bharr dhíomas na n-urchóideach. 13  Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar,Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara. 14  Deir tú: “Ní fheiceann sé mé;Tá mo chás curtha faoina bhraid, ach ní mór dom feitheamh fós!” 15  Nó: “Ní chuireann a fhearg pionós i bhfeidhm,Ná ní dhealraíonn sé gur eol dó ceannairc na ndaoine.” 16  Is le barr baoise a osclaíonn Iób a bhéal,Agus le teann aineolais a labhraíonn sé chomh fadálach sin.

Fonótaí