Iób 36:1-33
36 Lean Eilíhiú air ag caint agus dúirt:
2 Bí foighneach go fóill, agus taispeánfaidh mé duit,Óir tá breis le rá agam ar son Dé.
3 Beidh argóintí liom ag teacht ón imigéinAgus mé á dheimhniú go bhfuil mo cruthaitheoir sa cheart.
4 Níl bréag i mo ráite, bí deimhin de,Tá duine atá foirfe ina chuid eolais ag plé leat.
5 Ní dhiúltaíonn Dia don té atá glan ó chroí;
6 Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta.Tugann sé a chuid don bhocht,
7 Agus cosnaíonn cearta an fhíréin.Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach,Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích,
8 Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad,Go daingean i mbraighdeanas an anró.
9 Fógraíonn sé a mbearta dóibh,Agus peacaí an uabhair a rinne siad.
10 Cuireann sé cogar ina gcluais,Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí.
11 Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air,Bíonn an rath ar dheireadh a saoil,Agus a mblianta deiridh go sochma.
12 Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad,Agus buaileann an bás iad gan choinne.
13 Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothúAgus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.
14 Faigheann siad bás ina n-óige,Nó caitheann siad saol náireach;
15 Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n-ainnise,Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.
16 Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin;Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn,Agus sólais mhéithe ar do bhord.
17 Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh;Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí.
18 Seachain agus ná mealladh maoin thú,Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.
19 Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht,Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag.
20 Ná satail ar na daoine nach aithnid duitD’fhonn do ghaolta a chur ina n-áit.
21 Seachain agus ná claon leis an olc,Mar sin é is cúis dáiríre le d’anró.
22 Féach! tá Dia á mhóradh lena neart,Cé is teagascóir mar é?
23 Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige?Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?
24 Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha;Bhí siad go minic ina n-ábhar molta ag daoine.
25 Is soiléir iad don saol mór,Agus tá radharc orthu ón imigéin.
26 Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n-eolas;Níl áireamh ar líon a bhlianta.
27 Eisean a chuireann srian leis an mbáisteachAgus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;
28 Bíonn na scamaill á sceitheadhIna dtuilte ar an gcine daonna.
29 Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill,Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
30 Leathann sé a cheo ina thimpeall,Agus clúdaíonn sé barr na gcnoc.
31 Leosan a dhéanann sé na pobail a chothú,Agus a dháileann sé bia go fial.
32 Cnuasaíonn sé an tintreach ina mhám,Agus tugann treoir di i leith na sprice.
33 Tugann an toirneach rabhadh é bheith ag teacht;Faigheann an fhearg an lámh in uachtar ar an urchóid.