Iób 37:1-24

37  Suaitheann sé seo mo chroí féin,Agus preabann sé anonn ionam.  Éist le glór a ghutha,Agus leis an tormán a thagann as a bhéal.  Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire,Agus sroicheann sí go himeall na cruinne.  Búireann a ghuth ina diaidh,Agus torann maorga a thoirní.Ní chuireann sé srian lena [thintreach],Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.  Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha,Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.  Óir deir sé leis an sneachta: “Tit ar an talamh!”Agus leis an tulca báistí: “Treise ort!”  Cuireann sé an clabhsúr ar shaothar gach duine,I dtreo gurb eol do chách a oibreacha.  Téann gach ainmhí ar ais ina bpluais,Agus i bhfolach ina bpruchóg.  Tagann an t-anfa óna áras theas,Agus tugann an ghaoth aduaidh an fuacht léi. 10  Sí anáil Dé a thugann an leac oighir,Agus fágann sin na linnte lána téachta. 11  Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta;Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach. 12  Treoraíonn sé féin a gcúrsa timpeall,Agus stiúraíonn sé a n-athruithe sa séasúr.Géilleann siad dá orduithe go beachtAr fud an domhain mhóir, 13  Cibé acu a [sheolann sé iad] d’fhonn ciníocha na cruinne a phionósú,Nó d’fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích. 14  Éist leis sin uile, a Iób!Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir! 15  An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú,Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh? 16  An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú,Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t-iontas seo? 17  Tusa a mbíonn d’éadach te le do chneas,Agus an talamh ina chnap faoin ngaoth aneas, 18  An féidir leat cabhrú leis stua na spéire a leathadhAgus é chomh crua le scáthán de mhiotal leáite? 19  Múin dúinn cad tá le rá againnMar nach féidir dúinn ár gcás a chur in iúl toisc an dorchadais. 20  An gcuirfear in iúl gur mian liom labhairt?An ndéanfar duine a shlogadh nuair a labhróidh sé? 21  Téann an solas ar ceal ar uaireAr chúl na scamall dorcha;Ach tagann an ghaoth agus scuabann ar shiúl iad, 22  Agus leathann gile ón aird thuaidh.Tá maorgacht eaglach uime ag Dia; 23  Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn.Is éachtach é a chumhacht agus a chothroimeAgus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt. 24  Ní ionadh gurb eagal le daoine é,Agus go bhfuil urraim ag an muintir chiallmhar croí dó.

Fonótaí