Iób 4:1-21

4  Ansin d’fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:  Má leomhann duine focal á rá leat, an gcuirfidh tú suas leis?Ach cé a d’fhéadfadh fanacht ina thost?  Féach! nach iomaí duine a cheartaigh tú!Do lámha laga thug tú neart.  Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle;Neartaigh tú na glúine laga.  Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d’fhoighne.Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat.  Nach bhfuil muinín agat as d’fhíréantachtAgus dóchas agat as do bheatha ionraic?  Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh?Cár milleadh lucht na córa?  Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóidAgus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.  Scriosann anáil Dé iad,Agus milleann racht dá fhearg iad. 10  [Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin;Bristear fiacla na gcoileán leoin. 11  Cailltear an seanleon d’uireasa creiche,Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin. 12  Fuair mé focal, más ea, faoi choim,Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin. 13  I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche,Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain, 14  Tháinig scéin orm agus critheagla,Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith. 15  Shleamhnaigh leoithne thar m’aghaidhAgus d’éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh. 16  Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló;Bhí scáil os comhair mo shúl.Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin: 17  “An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé?An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora? 18  Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin;Agus faigheann sé locht ar a aingil féin. 19  Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré,Arb é an luaithreach a mbunús,A bhruítear mar an leamhan! 20  Scriostar iad idir maidin agus nóin;Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil. 21  Staitear [pionna] a mbothaAgus faigheann siad bás d’uireasa eagna.”

Fonótaí