Iób 41:1-34

41  [40:25] An féidir duit an Leiviatan a tharraingt amach ar dhubhán?Nó dorú a chur timpeall a theanga?  [40:26] An féidir duit fáinne a chur ar a shrónNó dubhán a chur trína ghiall?  [40:27] An ndéanfaidh sé mórchuid impí chugat?Nó an meallfaidh sé thú le bladar?  [40:28] An ndéanfaidh sé margadh leatA bheith ina dhaor agat go brách?  [40:29] An ndéanfaidh tú peata de mar a dhéanfá d’éanNó é a chur ar iall do do chailíní?  [40:30] An ndéanfaidh na cumainn iascairí é a dhíolAgus ansin é a roinnt ar na ceannaitheoirí?  [40:31] An ndéanfaidh tú a sheithe a chlúdach le bacáin,Nó a cheann le gathanna?  [40:32] Ní gá duit ach baint leis,Agus ní dhéanfaidh tú dearmad ar a chomhrac, ná dul sa seans arís.  [41:1] Ba bhaoth é do dhóchas go deimhin,Mar dhéanfadh fiú radharc air duine a threascairt. 10  [41:2] Nuair a mhúsclaítear é, éiríonn sé fíochmhar,Ní féidir d’aon duine dul i ngleic leis. 11  [41:3] Cé a d’fhéadfadh é ionsaí agus teacht slán?Ní fhéadfadh neach faoin spéir. 12  [41:4] Ní bheidh mé i mo thost faoina ghéaga,Ná faoina neart éachtach, ná a chló gan cháim. 13  [41:5] Cé a d’fhéadfadh béal a chóta a oscailtNó ropadh trína lúireach dhúbailte? 14  [41:6] Cé a d’fhéadfadh comhlaí a aghaidh a oscailt?Tá uafás mórthimpeall a fhiacal. 15  [41:7] Is cuma nó sraith sciath a dhroim,Agus séala cloch á n-iadh. 16  [41:8] Táid i ngar dá chéile,I dtreo nach dtéann aer eatarthu. 17  [41:9] Táid i ngreim ina chéile,I dtreo go bhfuil siad go dlúth ina n-aonad. 18  [41:10] Nuair a ligeann sé sraoth, bladhmann solas uaidh,Agus bíonn a shúile mar dheargadh an dá néal. 19  [41:11] Tagann lóchrainn lonracha as a bhéal,Agus preabann mar a bheadh spréanna tine as. 20  [41:12] Tagann gal óna pholláiríMar a bhíonn ó choire ar fiuchadh ar an tine. 21  [41:13] Cuireann a anáil sméaróidí trí thine,Agus tagann lasair as a bhéal. 22  [41:14] Tá an neart ag lonnú ina mhuineál,Agus tá an t-uafás ag damhsa os a chomhair. 23  [41:15] Dlúthaíonn a sprochaillí feola le chéile,Agus bíonn siad daingean dobhogtha air. 24  [41:16] Tá a chroí chomh teann le cloch,Chomh daingean leis an mbró íochtair. 25  [41:17] Nuair a éiríonn sé tagann scéin ar na [tonnta],Agus téann na [madhma] féin ar gcúl. 26  [41:18] Dá mbuailfeadh an claíomh é, ní chuirfeadh sé as dó,Ná an tsleá, ná an ga, ná an bhunsach. 27  [41:19] Is cuma leis iarann nó dias,práis nó adhmad críon. 28  [41:20] Ní chuireann saighead an teitheadh air,Agus is cuma leis clocha láimhe nó brobanna tuí. 29  [41:21] Is cuma leis bata nó giolcach,Agus gáireann sé faoi fhead na bunsaí. 30  [41:22] Tá sligí géara faoi thíos,Agus gluaiseann sé thar an gceachair mar bhráca. 31  [41:23] Cuireann sé an duibheagán ar fiuchadh mar choire,Agus an fharraige ag brúchtaíl mar phota cumhráin. 32  [41:24] Fágann sé cosán glioscarnach ina dhiaidh,Agus bíonn mar a bheadh lomra geal ar na huiscí. 33  [41:25] Níl a leithéid eile ar talamh,Créatúr gan eagla. 34  [41:26] Féachann sé sa tsúil ar gach ní uaibhreach,Agus is rí é ar mhic an díomais.

Fonótaí