Iób 9:1-35
9 Ansin d’fhreagair Iób agus dúirt:
2 Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá;Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?
3 Dá mb’áil leis conspóid a dhéanamh leisNí fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.
4 Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart.Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?
5 Eisean a d’aistrigh na sléibhte gan fhios dóibh;Agus déanann sé iad a threascairt ina fhraoch.
6 Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad,Ionas go gcritheann a colúin go léir.
7 Eisean a thugann ordú don ghrian ionas nach n-éiríonn sí,Agus a chuireann na réaltaí i bhfolach.
8 Eisean amháin a leath na spéartha amach,Agus a shatail ar thonnta na mara.
9 Eisean a rinne an Camchéachta agus Slat an Rí,An Treighdín agus Réaltaí Lána an Deiscirt.
10 Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimseAgus iontais thar áireamh.
11 Féach! Gabhann sé tharam, agus ní fheicim é;Gluaiseann sé thar bráid, agus ní thugaim faoi deara é.
12 Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc?Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?
13 Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloíAgus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.
14 Nach lú ná sin fós a d’fhéadfainnse freagra a thabhairt air,Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh?
15 Fág go bhfuilim sa cheart, ní fhéadfainn freagra a thabhairt.Óir an té a chúisím, is é freisin is breitheamh.
16 Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé,Ní chreidim go n-éistfeadh sé le mo bhriathar.
17 Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,]Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.
18 Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingtAgus a líonann mé le dobrón.
19 Más neart atá i gceist—siúd é an tUilechumhachtach!Más cúirt bhreithiúnais, cé dhéanfaidh é a sheirbheáil?
20 Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé;Dá mbeinn gan choir, d’áiteodh sé coir orm.
21 Mé a bheith neamhchiontach—ní bheadh a fhios sin agam.Chaithfinn uaim m’anam féin.
22 Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim:Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.
23 Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann,Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.
24 Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach;Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna.Nó murab eisean, cé heile?
25 Is mire mo laethanta ná teachtaire reatha;Teitheann siad, ní fheiceann siad aon sonas.
26 Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí,Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.
27 Má deirim: “Déanfaidh mé dearmad de mo ghearán,Cuirfidh mé malairt cuntanóis orm féin, agus beidh mé gealgháireach”;
28 Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm,Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.
29 Is mise a dhaorfaí,Cad ab áil liom ag obair in aisce?
30 Dá nífinn mé féin le huisce sneachta,Agus mo lámha a ghlanadh le buac,
31 Ansin do thumfá mé sa cheachair,Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé.
32 Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air,Agus go bpléifí ár gcúis le chéile.
33 Níl aon idirghabhálaí eadrainn,A leagfadh a lámh orainn araon.
34 Baineadh sé díom a shlat,Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú;
35 Ach labhroidh mé ansin gan eagla roimhe,Ní mar sin a thaibhsím dom féin ar aon chor.