Ióna 2:1-10
2 [2:2] Ghuigh Ióna as bolg an éisc chun an Tiarna, a Dhia,
2 [2:3] mar a leanas:
“Nuair a bhí mé i gcruachás,scread mé ar an Tiarna,agus thug sé cluas do mo ghuí;ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ortagus d’éist tú le mo ghuth.
3 [2:4] Theilg tú mé síos san aibhéis,i ndoimhneacht na farraige,mar ar thimpeallaigh an díle mé,agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uileag madhmadh tharam.
4 [2:5] Dúirt mé liom féin, mar sin:‘Tá mé díbeartha as do láthair.Conas a gheobhaidh mé radharc arísar do Theampall naofa?’
5 [2:6] Bhí na huiscí do mo chiorclú,agus mé i mbaol mo mhúchta;bhí an duibheagán ag brú isteach orm ó gach taobhagus chuaigh mo cheann in ascar san fheamainn.
6 [2:7] Síos liom go fréamhacha na sléibhte;bhí barraí fhearann an Bháisá ndaingniú orm feasta choíche.Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mégo beo beathach,a Thiarna, a Dhia liom!
7 [2:8] Agus mé ag dul i laige le giorra anála,chuimhnigh mé ar an Tiarnaagus tháinig m’achainí chugatsa,chomh fada le do Theampall naofa:
8 [2:9] Go n-éirí lucht adhartha íol gan éifeachtas a mbaothdhílseacht dóibh.
9 [2:10] I dtaca liomsa de, áfachofrálfaidh mé íobairt duitmar aon le caintic bhuíochais;agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé.Is don Tiarna is dleachtan fhuascailt a dhéanamh.”
10 [2:11] Ansin labhair an Tiarna leis an iasc agus ar an bpointe sceith sé aníos ar an talamh tirim.