Iósua 16:1-10
16 An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t-ardchlár suas go fásach Bhéitéil,
2 chuaigh sí ó Bhéitéil go Lúz agus ar aghaidh i dtreo theorainn na nAircíoch ag Atárót.
3 Síos léi ansin agus siar go teorainn na nIaflaetach chomh fada le críocha Bhéit Horon íochtaraigh, ansin go Geizir agus go ceann scríbe ag an bhfarraige.
4 Sin í an oidhreacht a fuair muintir Iósaef, Manaise agus Eafráim.
5 Maidir le fearann chlann Eafráim de réir a bhfiní: ba é Atárót Adár go Béit Horon uachtarach teorainn a n-oidhreachta lastoir.
6 Shroich sí ceann scríbe ag an bhfarraige ... Micmeatát lastuaidh; chas an teorainn soir go Tanát Sileo, agus ar aghaidh thairis lastoir go Iánóchá.
7 Ghabh sí síos ansin ó Iánóchá go hAtárót agus go Nárá, theagmhaigh le Ireachó agus shroich ceann scríbe ag an Iordáin.
8 Ghabh an teorainn siar ó Thapúach go sileán Cháná agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige. Ba é sin oidhreacht chlann Eafráim de réir a bhfiní,
9 chomh maith leis na bailte a coinníodh do chlann Eafráim laistigh d’oidhreacht chlann Mhanaise—na bailte sin go léir lena sráidbhailte máguaird.
10 Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.