Iúd 1:1-25

 Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d’Íosa Críost.  Go méadaí trócaire, síocháin agus grá chugaibh.  A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b’éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.  Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n-aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.  Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.  Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d’fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.  Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.  Déanann an dream seo, ámh, ar an tslí chéanna lena mbrionglóidí an cholainn a thruailliú, an t-údarás a shéanadh, agus aingil na glóire a mhaslú.  Ach nuair a bhí Mícheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: “Go smachtaí an Tiarna thú.” 10  Ach an dream seo, maslaíonn siad an méid nach dtuigeann siad, agus na nithe is eol dóibh ó dhúchas dála na n-ainmhithe éigiallta, is tríothu atáthar á scriosadh. 11  Is mairg dóibh! óir d’imigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorae. 12  Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh; 13  tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách. 14  Is fúthu seo a rinne Eineoc sa seachtú glúin ó Ádhamh fáistine á rá: “Féach, tháinig an Tiarna lena mhílte míle naomh, 15  le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh. 16  Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n-ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.” 17  Ach sibhse, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost; 18  mar dúirt siadsan libh: “Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n-ainmhianta coirpeachta féin.” 19  Is iad sin a dhéanann deighilt, dream saoltach, gan an Spiorad acu. 20  Ach sibhse, a chairde cléibh, déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh; guígí sa Spiorad Naomh, 21  agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí. 22  Déanaigí áiteamh ar chuid acu, an mhuintir atá in amhras; 23  déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn. 24  An té sin ar féidir leis sibh a choimeád gan titim i bpeaca, agus sibh a chur gan smál i láthair a ghlóire faoi lúcháir, 25  an t-aon Dia is slánaitheoir againn trí Íosa Críost ár dTiarna, dósan go raibh glóir agus mórgacht agus ceannas, agus cumhacht roimh gach aois agus anois agus le saol na saol. Amen.

Fonótaí