Léivític 5:1-19
5 Sa chás go bpeacaíonn duine [i gceann de na cúinsí seo leanas]: Má chluineann duine an mionnú sollúnta chun fianaise a thabhairt agus go mba chóir dó teacht i láthair le fianú, mar go raibh fianaise súl aige ar an ngnó, nó eolas eile air, ach nár labhair sé amach agus go bhfuil iarsmaí a dhrochbhirt á n-iompar aige;
2 nó má bhaineann duine le rud neamhghlan—cibé rud a bhíonn ann, conablach ainmhí neamhghlain, más múinte más allta é, nó conablach cinn de na neamhghlana a shníonn—agus go n-éiríonn sé neamhghlan gan fhios dó, agus go mbíonn sé ciontach;
3 nó má bhaineann sé le neamhghlaine dhaonna, cibé sórt neamhghlaine í trína n-éiríonn duine neamhghlan, agus nach eol dó é, ach ina dhiaidh sin go bhfaigheann sé amach ina thaobh agus gur ciontach é;
4 nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é—
5 má bhíonn duine ciontach in aon cheann de na cúinsí sin, admhaíodh sé an peaca a rinne sé,
6 agus tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, baineannach den tread—caora nó gabhar—mar íobairt pheaca; agus comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh á shaoradh óna pheaca.
7 Mura bhfuil sé d’acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.
8 Tugadh sé chun an tsagairt iad agus ofráladh seisean ar dtús an ceann don íobairt pheaca. Casadh seisean an ceann ar a mhuineál ach gan a cheann a bhaint de.
9 Croitheadh sé cuid de fhuil an íobairt pheaca ar chliathán na haltóra, agus déanadh sé fuílleach na fola a fháscadh as ag bun na haltóra. Íobairt pheaca í seo.
10 Tá an t-éan eile le huileloscadh mar íobairt aige ansin de réir an ghnáis. Sin é mar atá gnás an leorgnímh le comhlíonadh ag an sagart don duine ar son an pheaca a rinne sé agus maithfear dó.
11 Mura bhfuil sé d’acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é.
12 Tabharfaidh sé chun an tsagairt é, agus tógfaidh an sagart dorn de mar chuid chuimhnithe, agus an méid sin a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt dhóite don Tiarna. Íobairt pheaca í seo.
13 Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.”
14 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
15 “Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.
16 Ní foláir dó an slad a rinne a pheaca ar na cearta naofa a aisíoc, an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis leis, agus é a thabhairt don sagart. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó le reithe an íobairt chúitimh agus maithfear dó.
17 “Má pheacaíonn duine agus, le barr neamhaire, rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a dhéanamh, tá sé ciontach agus caithfidh sé iarsmaí a lochta a iompar.
18 Tugadh sé chun an tsagairt, mar íobairt chúitimh, reithe gan mháchail ón tréad a bhfuil a luach le meas agatsa. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó ar son an dearmaid a rinne sé gan fhios dó féin agus maithfear dó.
19 Íobairt chúitimh í seo; bhí an duine ciontach i láthair an Tiarna.”