Lúcás 10:1-42
10 Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.
2 Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.
3 Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon.
4 Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d’aon duine ar an mbóthar.
5 Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’
6 agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin.
7 Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.
8 Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair
9 agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’
10 Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí:
11 ‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’
12 Deirim libh, is saoire a bheidh ag Sodom an lá úd ná ag an gcathair sin.
13 “Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.
14 Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse.
15 Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú!
16 An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”
17 Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d’ainmse.”
18 Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.
19 Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.
20 Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n-ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”
21 An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.
22 Tá gach aon ní tugtha domsa ag m’Athair. Agus ní eol d’aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”
23 Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse.
24 Óir deirim libh, b’áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
25 D’éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”
26 Dúirt sé leis: “Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?”
27 D’fhreagair sé agus dúirt: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’”
28 Dúirt sé leis: “Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.”
29 Ach ó b’áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”
30 Thug Íosa freagra air á rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh.
31 Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis.
32 Mar an gcéanna do Léivíteach: ar theacht chun na háite agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis.
33 Ach, Samárach a bhí ag gabháil an bóthar, tháinig sé mar a raibh sé, agus ar a fheiceáil dó, ghabh trua é,
34 agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de.
35 Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’
36 Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?”
37 Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”
38 Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí.
39 Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar.
40 Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m’aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.”
41 Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.
42 Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”