Lúcás 5:1-39

5  Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit,  agus chonaic sé dhá bhád ina luí ar chladach an locha; bhí na hiascairí tar éis teacht amach astu agus iad ag ní na líonta.  Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d’iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.  Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.”  D’fhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d’fhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.”  Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta ag briseadh,  agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi.  Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”  Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad 10  agus mar an gcéanna do Shéamas agus d’Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.” 11  Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d’fhág siad gach uile ní agus lean é. 12  I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.” 13  Agus shín sé amach a lámh agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú!” Agus d’fhág an lobhra é láithreach. 14  Agus thug sé ordú dó gan a insint d’aon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d’ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.” 15  Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n-éagruais. 16  Ach théadh sé féin i leataobh isteach sna fásaigh agus dhéanadh guí. 17  Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas. 18  Tháinig fir an treo agus iad ag iompar ar leaba duine a bhí ina phairiliseach, agus bhí siad ag iarraidh é a bhreith isteach agus é a chur ina láthair. 19  Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa. 20  Nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dúirt: “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.” 21  Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?” 22  Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí? 23  Cé acu is fusa a rá: ‘Tá do pheacaí maite duit’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’? 24  Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh—deirim leat,” ar seisean leis an bpairiliseach, “éirigh, tóg leat do réleaba, agus imigh abhaile.” 25  Agus ar an mball, d’éirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia. 26  Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad d’uamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.” 27  Ina dhiaidh sin chuaigh sé amach agus thug faoi deara poibleacánach darb ainm Léiví, ina shuí i dteach an chustaim, agus dúirt leis: “Lean mise.” 28  D’fhág sé gach aon ní, d’éirigh agus lean é. 29  Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann. 30  Agus bhí na Fairisínigh agus a gcuid scríobhaithe ag monabhar, á rá lena dheisceabail: “Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?” 31  Agus dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Ní ag na daoine folláine a bhíonn gá le lia, ach ag na daoine tinne. 32  Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a bhfuilim tagtha á nglaoch chun aithrí.” 33  Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agatsa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.” 34  Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainse troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta bheith leo? 35  Ach tiocfaidh na laethanta, agus nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, ansin déanfaidh siad troscadh sna laethanta sin.” 36  Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean. 37  Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí. 38  Ach fíon nua i seithí nua is cóir a chur. 39  Agus ní áil le haon duine an nua tar éis dó an sean a ól; óir deir sé: ‘Is é an sean an fíon maith.’”

Fonótaí