Lúcás 9:1-62
9 Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas.
2 Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n-easlán.
3 Agus dúirt sé leo: “Ná tógaigí libh aon ní i gcomhair an bhóthair, bata ná tiachóg, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta an duine agaibh.
4 Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fúibh ann agus leanaigí oraibh as sin.
5 Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.”
6 Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.
7 Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh;
8 ag daoine eile, Éilias a bheith á thaibhsiú. ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe.
9 Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air.
10 Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide.
11 Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta.
12 Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.”
13 Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile”—
14 óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann. Dúirt sé lena dheisceabail: “Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.”
15 Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu.
16 Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.
17 D’ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.
18 Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d’fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?”
19 Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.”
20 Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Agus dúirt Peadar á fhreagairt: “Críost Dé.”
21 Ach d’ordaigh sé dóibh go géar gan é seo a rá le haon duine,
22 agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”
23 Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé.
24 Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, saorfaidh an duine sin é.
25 Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal?
26 Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra, is nár le Mac an Duine eisean nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus na n-aingeal naofa.
27 Ach deirim libh go dearfa, tá cuid dá bhfuil anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu.”
28 Agus timpeall ocht lá tar éis na cainte sin, rug sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí.
29 Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d’éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach.
30 Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis—b’iad Maois agus Éilias iad—
31 agus chonacthas i nglóir iad ag caint faoina imeacht as an saol, rud a bhí le tabhairt chun críche aige in Iarúsailéim.
32 Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach d’fhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis.
33 Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa: “A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias”—agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá.
34 Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d’imigh siad siúd isteach sa scamall.
35 Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!”
36 Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach d’fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d’aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu.
37 Lá arna mhárach, ar theacht anuas dóibh ón sliabh, tháinig slua mór faoina dhéin.
38 Agus bhí duine den slua d’éigh amach: “A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é,
39 agus féach, bíonn spiorad ag breith air, agus screadann sé amach go tobann, agus baineann sé rachtaí as go mbíonn cur leis, agus is ar éigean a scarann sé leis ach á thraochadh.
40 Agus d’iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach, agus níorbh fhéidir leo é.”
41 D’fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”
42 Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t-ógánach agus thug ar ais dá athair é.
43 Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé.
Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail:
44 “Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”
45 Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin.
46 Tháinig sé ina n-aigne a fhiafraí cé acu díobh ba mhó.
47 Ach bhí a fhios ag Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroí, agus thóg sé leanbh agus chuir ina sheasamh é láimh leis,
48 agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m’ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”
49 Labhair Eoin agus dúirt: “A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i d’ainmse agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé tú in aonbhuíon linne.”
50 Dúirt Íosa leis: “Ná cuirigí aon chosc leis, óir an té nach bhfuil in bhur n-aghaidh, tá sé ar bhur son.
51 Ansin, nuair a bhí an t-am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,
52 agus chuir sé teachtairí roimhe amach. Sa tslí dóibh sin, chuaigh siad isteach i mbaile Samárach ag ullmhú dó.
53 Ach ní ghlacfaí san áit sin é de bhrí gur ar Iarúsailéim a bhí a thriall.
54 Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n-ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?”
55 Ach d’iompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh.
56 Agus d’imigh siad go dtí baile nárbh é.
57 Agus ag gluaiseacht dóibh, dúirt duine éigin sa tslí leis: “Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.”
58 Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”
59 Dúirt sé le duine eile: “Lean mise.” Ach dúirt seisean: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m’athair a adhlacadh.”
60 Dúirt sé leis: “Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh tusa agus craobhscaoil ríocht Dé.”
61 Dúirt duine eile fós: “Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí.”
62 Ach dúirt Íosa leis: “Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.”