Míocá 7:1-20

7  Mo léan! Táimse mar a bheinndá mbeadh na torthaí bailitheagus fómhar na bhfíniúna thart;níl caor ar bith le hitheagus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontuníl ceann díobh ar fáil níos mó.  Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír;níl aon fhear ionraic i measc an phobail;bíonn siad go léir in oirchill na folaagus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.  Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh;bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannachagus is féidir an breitheamh a cheannach le breabagus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin.Mo chreach! Camann siad an dlí.  Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu;is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu.Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teachtagus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.  Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana;ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde.Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.  Óir tugann an mac easonóir dá athairagus éiríonn an iníon suas in aghaidh a mátharagus an banchliamhain in aghaidh máthar a céileagus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.  Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath;cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoiragus éistfidh mo Dhia liom.  Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa;fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.  Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna—mar pheacaigh mé ina choinne—go dtí go n-agraíonn sé mo chúisagus go seasann sé ceart dom.Treoróidh sé mé chun an tsolaisagus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé. 10  Feicfidh mo namhaid é seoagus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa:“Cá bhfuil do Dhia?”Bainfidh mé lán na súl aisti;gabhfar de chosa inti anoismar lathach na sráideanna. 11  Tá an lá a n-atógfar do bhallaí ag teacht;an lá sin leathnófar do chríocha. 12  An lá sin tiocfar chugatón Asaír go dtí an Éigipt,ón Tuír go dtí an Abhainn,ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh. 13  Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n-ábhar uafáisde dheasca a ndrochghníomhartha. 14  Seol do phobal chun féaraigh le do bhata,an tréad atá ina oidhreacht agat,a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta.Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileádmar a mbídís san am fadó. 15  [Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt. 16  Feicfidh na náisiúin iadagus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht.Cuirfidh siad a lámha lena mbéalagus beidh bodhaire ina gcluasa. 17  Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe,ar nós péisteanna na talún.Tiocfaidh siad amach as a ndúntaagus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia. 18  Cén Dia atá cosúil leatsa?Óir tógann tú peacaí chun siúilagus maitheann tú a gcionta d’fhuílleach d’oidhreachta;ní buan í do chuid feirgeagus is áil leat an buanghrá. 19  Déanfaidh tú trócaire orainn arís;gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaíagus caithfidh tú ár gcionta go léiristeach i nduibheagán na farraige. 20  Léirigh do dhílseacht do Iacóbagus do bhuanghrá d’Abrahámfaoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall.

Fonótaí