Malaicí 1:1-14

1  Oracal. Briathar an Tiarna d’Iosrael trí bhéal Mhalaicí.  “Tá grá agam daoibh,” a deir an Tiarna; ach deir sibhse: “Conas a ghráíonn tú sinn?” “Nach é Éasau deartháir Iacóib?” a deir an Tiarna. “Mar sin féin, tá grá agam do Iacób;  agus tá col agam le hÉasau. Sin é fáth a ndearna mé díthreabh dá shléibhte agus fásach leathan dá oidhreacht.”  Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”  Feicfidh bhur súile cinn féin é seo agus déarfaidh sibh: “Is tréan é an Tiarna, fiú lasmuigh de theorainn Iosrael.”  “Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t-ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m’ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ‘Conas a mhaslaíomar d’ainm?’  Trí arán truaillithe a ofráil ar m’altóir! Athfhiafraíonn sibhse ansin: ‘Conas a thruaillíomar thú?’ Trína rá go bhfuil bord an Tiarna inmhaslaithe!  Nuair is ainmhí dall a ofrálann sibh ina íobairt dom, nach olc an mhaise daoibh é? Nuair a ofrálann sibh beithíoch atá bacach breoite dom, nach olc an mhaise daoibh é sin chomh maith? Tairg do do ghobharnóir é. An mbeidh sé sásta leat? Nó, an bhfáilteoidh sé romhat go caoin? a deir Tiarna na Slua.  Is ea, mhuise, iarraigí fabhar ar Dhia anois i dtreo go ndéanfaidh sé trócaire orainn! Ach—más sibhse a rinne an rud seo—an bhfáilteoidh sé romhaibh go caoin? a deir Tiarna na Slua. 10  “Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m’altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa. 11  Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m’ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m’ainm—toirbhirt ghlan; mar is mór é m’ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua. 12  Ach tá sibhse tar éis é a thruailliú, trína rá: ‘Tá bord Dé inmhaslaithe; is díol tarcaisne an bia a leagtar air.’ 13  ‘A leithéid de chrá croí,’ a deir sibh, agus cuireann sibh cor in bhur srón chuige go dímheasúil, a deir Tiarna na Slua. Tugann sibh ainmhí éigin chugamsa, bíodh sé bacach nó breoite, agus ofrálann sibh domsa é mar íobairt. An é go gcaithfidh mé glacadh lena leithéid sin uaibhse? a deir an Tiarna. 14  Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n-ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m’ainm i measc na náisiún.

Fonótaí