Nahúm 2:1-13

2  [2:2] Tá millteoir ag teacht i do choinne,Cuir an dún faoi chosaint;déan faire ghéar ar an mbóthar;cóirigh thú féin chun catha;cruinnigh do neart go léir.  [2:3] Tá an Tiarna ag athbheochan niamhracht Iacóibagus niamhracht Iosrael chomh maithd’ainneoin gur scrios na scriostóirí iadagus gur mhill siad a gcraobhacha.  [2:4] Tá sciatha a laochra deargagus tá a shaighdiúirí faoi éide chraorag.Tá cruach na gcarbad ag spréacharnach mar thineagus iad á gcur in eagar catha;tá flosc chun troda ar an eachra.  [2:5] Gluaiseann na carbaid go fraochta trí na sráideanna;ropann siad ó áit go háit sna cearnóga.Is cosúil le tóirsí iadagus iad ag rith anonn agus anallmar splancacha tintrí.  [2:6] Glaonn sé ar a chuid oifigeach;imeacht tuisleach atá fúthuagus iad ar a slí chuige.Réabann siad chun cinnin aghaidh an bhalla;cheana féin tá an sceallbholgsuite go daingean ina áit.  [2:7] Tá na geataí chun na n-aibhneacha ar oscailtagus gach duine dá bhfuil sa phálásimithe chun scaoill.  [2:8] Ardaítear an dealbh chun siúilchun í a thabhairt go tír iasachta;tá a cuid banóglachag ligean osnaí uathu mar chorracú colmagus ag bualadh a n-ucht le teann díomá.  [2:9] Is cuma Nínivé nó taiscumara bhfuil an t-uisce ag rith as.“Stadaigí, stadaigí!”Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.  [2:10] “Sladaigí an t-airgead!Sladaigí an t-ór!”Tá saibhreas gan áireamh ann,flúirse den uile shaghas maoine. 10  [2:11] Slad, creachadh, léirscrios!Croíthe á leá le heagla!Glúine ag bualadh le chéile!Áranna ar aon bharr amháin creatha!Aghaidheanna ar dhath an bháis! 11  [2:12] Cá bhfuil pluais na leon,uachais na leon óg?Nuair a d’imíodh an leon amach,d’fhanadh an leon baineannagus na coileáin istighagus ní chuirfí isteach orthu, 12  [2:13] Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáinagus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna.Líonadh sé a uaimheanna lena chreach,agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe. 13  [2:14] Féach, táimse i d’aghaidh,a deir Tiarna na Slua.Cuirfidh mé do charbaid trí thineagus ídeoidh an claíomh do leoin óga.Cuirfidh mé críochle do chuid creachadóireachta sa tíragus ní chloisfear glór do theachtairí níos mó.

Fonótaí